UASDÁTÚ – 05/09/2025

 In Nuacht
  • TÓSACH NA SCOILBHLIANA Ar an 22ú Lúnasa, d’fháiltíomar roimh dhaltaí na chéad bhliana go Coláiste Ghobnatan – Táimid cinnte go mbainfidh sibh taitneamh agus tairbhe as bhur n-aistir foghlama anseo linn! Ná dearúdaigí ‘Tús maith leath na hoibre‘. Chuireamar fáilte roimh chúpla baill foirne nua – Máistir Ó Colmáin, Iníon Ní Chríod agus Iníon Ní Choncubhair. Gach rath ar Mháistir Ó Duinnín, Iníon de Staic agus Bean Uí Thuama atá ar iasacht le hOide faoi láthair.

 

  • MÍLE BUÍOCHAS Thar ceann phobal uile Choláiste Ghobnatan ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le Máistir Ó Creimín as ucht an freastal agus an tseirbhís iontach a thug sé do Choláiste Ghobnatan nuair a bhí sé ag feidhmiú mar phríomhoide gníomhach ó Éanair 2023 go dtí seo.

 

  • TORTHAÍ NA HARDTEISTE Tréasláimíd le rang na hArdteiste a bhain sár-éachtaí amach ina dtorthaí i mbliana. Táimid an-bhródúil agus mhórálach asaibh. Ba dheas sibh a fheiscint ar lá na dtorthaí ag filleadh ar an scoil chun bhur n-eachtaí a chéiliúradh le chéile. Go n-éirí go geal libh leis an gcéad chéim eile!

 

  • OÍCHE OSCAILTE
    Beidh ár n-oíche oscailte ar siúl Déardaoin 9ú Deireadh Fómhair idir 18.00 – 20.00 – fáilte roimh chách! Our open night will take place on Thursday 9th October between 18.00 – 20.00 – everyone is welcome!
POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)