STAIR AN CHOLÁISTE
1950 Bunaíodh Scoil Ghobnatan i 1950 mar fhoirgneamh aon tseomra chun freastail ar bhuachaillí na háite go háirithe. Go luath bhí fás ar an éileamh a bhí ar an scoil agus dob éigean an Halla áitiúil a fháil ar chíos chun freastail ar chailíní chomh maith.
1974 Cuireadh síneadh de sheomra breise leis an scoil sa bhliain 1965 agus d’fhág san go raibh seomra ar leith do Thíos (cistin) agus seomra fé leith don Adhmadóireacht agus Miotalóireacht. Do thug an dá sheomra san freastail níos fearr d’abhair ghinearálta comh maith.
1974 Fuarthas na hábhair breise seo:- Tráchtáil, Clóscríobh, na hEolaíochtaí agus Ceol agus seomraí dá réir (réamh dhéanta) sna lár seachtóidí. Bhí an scoil imithe i neart faoin am seo agus chuir na forbairtí seo i dteannta le tionscail nua a tháinig chun cinn deireadh le himirce ó abhantrach an Choláiste ar fad.
1981 Leis an síor bhorradh seo a bhí ag tarlú sa Scoil cuireadh síneadh
mór – cúig sheomra – leis an fhoirgneamh sa bhliain 1981.
1989 Do thárla cónascadh idir Gairmscoil Ghobnatan (mar a bhí san am) agus Coláiste Íosagáin a bhí ar tí dúnadh sa bhliain 1989, agus bunaíodh Coláiste Ghobnatan, Coláiste Phobail faoi phátrúnacht Choiste Ghairmoideachais Chontae Chorcaí agus Deoise Cluain Uaimh.