FEALSÚNACHT AN CHOLÁISTE
Oideachas Gaelach Críostaí tré mheán na Gaeilge a cuirtear ar fáil dár ndaltaí go léir anseo i gColáiste Ghobnatan. Deinimid cúram de gach dalta mar bhall den iomlán agus mar dhuine aonair chun féin mheas, féin mhuinín, freagracht agus foirfeacht a chothú ann, i dtimpeallacht chairdiúil, sábhailte, chothrom.
Tugann mana an Choláiste “Go Buaic do Chumais” an leide is fearr ar fhealsúnacht an Choláiste. Táthar ag súil go ndéanfaidh gach dalta tréan iarracht ina chuid oibre spioradálta, acadúil agus praiticiúil chun buaic a chumais a bhaint amach.
Táimíd ana mhórálach as ár ndaltaí agus tá toradh a ndíograis (i mbun gach gnéithe dá saoil) le feiscint sna torthaí a gnóthaíonn siad ina gcuid scrúdaithe. Cuireann sé seo ar a gcumas dul ar thóir gairme dá rogha féin bíodh sé in Institiúidí 3ú leibhéil nó ar scéimeanna traenáladh cosúil leis na cinn speisialta sin eagraithe ag Udarás na Gaeltachta ar mhaithe le hóige an cheantair.