Comhghairdeas – Apple Distinguished Eductor
Tá áthas ar Apple fáilte mhór a chur roimh Phádraig Ó hAireachtáin isteach i Rang 2026 de na Apple Distinguished Educators (ADE). Tá 400 oide ó gach cuid den domhan roghnaithe mar chuid de Rang [...]
Oideachas Gaelach Chríostaí tré mheán na Gaeilge a cuirtear ar fáil dár ndaltaí go léir anseo i gColáiste Ghobnatan. Deinimid cúram de gach dalta mar bhall den iomlán agus mar dhuine aonair chun féin mheas, féin mhuinín, freagracht agus macántacht a chothú ann, i dtimpeallacht chairdiúil, shábhailte, chothrom.
Tugann mana an Choláiste “Go Buaic do Chumais” an leide is fearr ar fhealsúnacht an Choláiste. Táthar ag súil go ndéanfaidh gach dalta tréan iarracht ina gcuid oibre spioradálta, acadúil agus praiticiúil chun buaic a gcumais a bhaint amach. Fáilte go dtí ár suíomh!
