Príomhoide Nua
Thosaigh Máirtín Ó Colmáin linn le déanaí agus tá fáilte is fiche roimhe. Tá Máirtín ag teacht ó Choláiste Pobail Charraig Thuathail áit ina raibh sé mar Phríomhoide Gníomhach agus Leas-Phríomhoide roimhe sin. Chaith sé tréimhse mar Stiúrthóir ar Choláiste Breisoideachais, Campas Chionn tSáile agus mhúin sé i nGaelcholáiste Mhuire A.G. roimhe sin, chomh maith.
“Tá an t-ádh liom agus táim thar a bheith sásta a bheith anseo i scoil iontach cosúil le Coláiste Ghobnatan. Is léir gur scoil den chéad scoth í, le stair oideachais iontach agus atá an-bhródúil as an oideachas den chéad scoth a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá sé soiléir go bhfuil stair fhada bainteach le spórt anseo chomh maith. Caithfidh mé a rá gur chuir an pobal áitiúil agus na tuismitheoirí agus caomhnóirí go léir fáilte iontach chroíúil romham. Táim ag súil go mór le bheith ag obair libh ar fad amach anseo chun an t-oideachas is fearr a chur ar fáil don phobal. Táim ag tnúth go mór le aithne a chur ar na daltaí anseo ach caithfidh mé a rá go bhfuilim tar éis an-chuid scéalta iontacha a chloisteáil fúthú agus go raibh an-chuid comhráite deasa agam leo cheana féin.Táimid go léir mar fhoireann ag iarraidh cur leis na traidisiúin láidre ó thaobh sároideachais, Gaeilge agus spóirt atá anseo. “Go Buaic do Chumais” ná mana na scoile atá againn agus táimid ag súil go mór leis an seans a thabhairt do gach dalta buaic a gcumais a bhaint amach le chéile.“
Thar ceann phobal uile Choláiste Ghobnatan ba mhaith linn gach rath a ghuí air.





