UASDHÁTÚ – 21/10/25

 In Nuacht

COMHGHAIRDEAS
Ar an 8ú lá de mhí Dheireadh Fómhair fuair daltaí Torthaí na Sráithe Sóisearaí – táimid an-bhródúil as bhur n-éachtaí.  Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil ar na múinteoirí a thug tacaíocht dóibh.

Tréaslaímid le baill de fhoireann Naomh Abán na mBan – go háirithe Iníon Ní Bhriain, daltaí Claire Ní Aodha, Clíona Ní Mhocháin, Doireann Ní Mhocháin agus Saoirse Ní Uidhir – a bhuaigh Craobh Idirmhéanach an Chontae le déanaí.

LÁ/OÍCHE OSCAILTE
Chuireamar fáilte roimh daltaí rang a sé ar 9ú Deireadh Fómhair agus fuaireadar blaiseadh do shaol na méanscoile. Bhí deis acu píosa eolaíochta, innealtóireachta, adhmadóireachta agus eacnamaíocht bhaile a dhéanamh. Ar an lá céanna reáchtáladh an Oíche Oscailte. Bhí deis ag daltaí agus tuismitheoirí an scoil a fheiceáíl agus bualadh le múinteoirí. Tá súil againn gur bhain siad taitneamh as! Míle buíochas leis na múinteoirí, Mary, Seán, Gearóidín agus na daltaí a chabhraigh.
Sprioclá d’iarratais: Dé Céadaoin 22/10/25.   Application deadline: Wednesday 22/10/25.

SCOIL GHAELTACHTA
Bronnadh stádas mar Scoil Ghaeltachta ar Choláiste Ghobnatan sa bhliain 2024. Seoladh an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta in 2017 agus is bunchloch an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta í. Is é aidhm na Scéime ná tacú le húsáid na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta agus an Ghaeilge a chur chun cinn tríd an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta.

SEÓ BÓTHAIR LE CONRADH NA GAEILGE
Ar Chéadaoin an 2ú lá de Dheireadh Fomhair tháinig Conradh na Gaeilge chuig Óstán Ghobnatan agus d’fhreastail daltaí bliain 4 ar cheardlann. Bhí sé an fháisnéiseach ar fad, d’fhoghlaimíomar faoi na gairmeacha difriúla atá ar fáil leis an nGaoluinn agus na poist atá ar fáil sna meáin shóisialta chomh maith.

CISPHEIL NA GCAILÍNÍ FAOI 19
le Béibhinn Ní Loingsigh
Bhí cailíní fé 19 ag imirt cluiche cispheile i mBaile Chaisleáin Bhéara ar an Máirt. Cé nach raibh an bua acu, dhein siad a ndícheall chun teacht thar n-ais go láidir ag deireadh an chluiche. Bhí na cailíní 14 pointe taobh thiar de Scoil Phobail Bhéara ag tús an tríú ceathrú ach ar deireadh níor chailleadar ach le 5 phointe. D’imríodar cluiche iontach. Táid ag tnúth go mór leis an gcéad chluiche eile.

PEIL NA GCAILÍNÍ SÓISEARACH
le Clíona Ní Mhocháin
D’imir cailíní sóisear chluiche peile ar an 6/19/25 i gcoinne Coláiste Mhuire Réalt na Mara. Bhí sé ar siúl ar a 11:30 sa phortach mar sin, ní raibh aon ghá le bus! Cluiche iontach spleodrach a bhí ann ar dtús ach fuaireamar cúpla scór agus bhíomar go maith chun tosaigh ag leath ama. Sa dara leath tháinig Coláiste Mhuire Réalt na Mara ar ais go láidir, ach bhíomar fós chun tosaigh tar éis cúpla cúl a fháil. Ar deireadh bua iontach a bhí ann do chailíní Colaiste Ghobnatan. Buíochas mór le hIníon Ní Shúilleabháin agus Iníon Ní Bhuachalla a tháinig linn.

CUAIRT Ó CHATHERINE CONNOLLY
Ar an Aoine 3ú Deireadh Fómhair tháinig Catheine Connolly ar cuairt linn – labhair sí le daltaí ó bhliain a sé.

GLUAIS

  • earnálacha – sectors
  • féidearthachta – possibilities
  • stádas – status
  • aitheantais – recognition
  • seó bóthair – roadshow
POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)