Tráthnóna na nGairmeacha

 In Nuacht

Tionóladh Tráthnóna na nGairmeacha i gColáiste Ghobnatan ar an 2ú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Bhailigh roinnt aoi, idir cainteoirí aonair ag labhairt faoin ngairm acu féin, ionadaithe ó chomhlachtaí áitiúla, agus ionadaithe ar son eagraíochtaí agus coláistí. Bhí raon leathan earnálacha ann, idir an Dlí, Teicneolaíocht Faisnéise, Na Taibh-Ealaíona, Innealtóireacht, Eolaíocht, Sláinte, Foirgníocht, Eitlíocht, Talmhaíocht, Déantúsaíocht, Cultúr Agus Teangacha, Gnó, Cuntasaíocht, Pobal, Oideachas srl. D’fhreastail slua mór ar an ócáid, idir dhaltaí sinsearacha na scoile agus a dtuismitheoirí. Táimid thar a bheith buíoch as na h-aoichainteoirí a thug suas a gcuid ama chun a dtaithí a roinnt leis na daltaí. Is cinnte go bhfuil siad tar éis súile na ndaltaí a oscailt go dtí na féidearthachtaí atá ann sa saol oibre inniu. Beidh tionchar an tráthnóna le feiceáil sna roghanna a dhéanfaidh na daltaí ar an aistear gairme a bheidh acu amach anseo. Ba mhaith linn ár mbuíochas leis na múinteoirí – Iníon Ní Chonchubhair, Máistir Ó Creimín, Iníon Ní Chonchúir, Iníon Ní Chéilleachair, Iníon Ní Ríordáin agus Bean Uí Liatháin – a d’eagraigh an ócáid. Míle buíochas chomh maith le Seán, Mary, na múinteoirí agus na daltaí idirbhliana a chabhraigh ar an oíche.

We recently organised a Careers Night for our senior students– there was a great selection of exhibitors on the night from a wide variety of areas. We would like to extend a huge word of thanks to all those who gave up their time and shared their expertise with our students on the night – it is greatly appreciated!

Níos mó grianghraf ar fáil Instagram

POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)