UASDÁTÚ – 29/09/25
OILIMPIAID MATA
Ghlac daltaí ó bhliain a dó páirt san Oilimpiad Mata Sóisir agus ghlac ceithre dhuine dhéag ó bhliain trí go sé páirt sa chomórtas sinsearach. Is comórtas náisiúnta matamaitice do dhaltaí meánscoile é Oilimpiad Matamaitice na hÉireann. Míle buíochas le hIníon Ní Ríordáin as é a rith.
PEIL NA GCAILÍNÍ
Tá cúrsaí peile ag tosú arís. Peil na gcailíní fé 14 – bhí cluiche dúshláin acu i gcoinne St. Mary’s – bhí bua iontach acu! Tús maith leath na hoibre! Míle buíochas le Bean Uí Chuill
Le Claire Ní Aodha
Ar 23ú Meán Fómhar d’imir na cailíní Sinsearach in aghaidh an fhoireann ard chaighdeánach Coláiste an Chraoibhín. Comhscór ab ea an toradh. Míle buíochas le hIníon Ní Shúilleabháin agus Iníon Ní Bhuachalla!!
SEAIMPÍNÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Is grúpa daltaí Idirbhliana iad na Seaimpíní Teicneolaíochta, atá ar fáil chun tacú le daltaí eile maidir le húsáid iPadanna sa seomra ranga. Mar chuid dá gclár Gaisce, tacaíonn siad le múinteoirí chun úsáid na foghlama digití sa rang a uasmhéadú, agus a gcuid scileanna agus taithí féin a fhorbairt ag an am céanna. Le saineolaithe breise sa seomra ranga, tá na buntáistí a bhaineann le ham a shábháil agus foghlaim piar leis na Seaimpíní Teicneolaíochta soiléir cheana féin.
CLÁR FIONTAIR MAC LÉINN
Thaistil Eoin Ó Céilleachair, Seán Ó Tuama, Matilda Ní Luanaigh, Katie Ní Chonaill & Caireann Ní Loingsigh le Bean Uí Bhuachalla chuig Fóite
TURAS STAIRE
le Alice de Brún
Thaistil muintir bliain a trí ar fad go Cloch na Coillte an Luan seo chaite, 22ú Meán Fómhair chun cuairt a thabhairt ar mhúsaem Mícheál O Coileáin. Chaitheamar tréimhse fada ann ag féachaint ar déantáin ó Chogadh na Saoirse agus d’inis Tim Crowley scéalta dúinn faoi stair na hÉireann. Thugamar cuairt ar suíomh Luíochán Cill Mhichíl agus Béal na Bláth chomh maith agus d’fhoghlaimíomar faoi na heachtraí a tharla ann. Bhaineamar an-taitneamh as an lá agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil le hIníon Ní Chonchúir as é a eagrú dúinn agus Iníon Ní Chonchubhair a thaistil linn chomh maith.
IONAD OIDEACHAIS MARA AUGS ALLAMUIGH FASTNET
Ón 10ú go dtí an 12ú Meán Fómhair chuaigh bliain a 4 go dtí Ionad Oideachais Mara agus Allamuigh Fastnet. Rinneamar a lán eachtraí difriúla, ar an chéad lá rinneamar roinnt cluichí grúpa chun eirí níos cóngaraí mar rang. Tar éis lón chuamar ag dreapadóireacht agus cadhcáil. Chríochnaíomar ár turas le siúlóid 15km agus tine cnámh. D’fhoghlaimíomar conas rafta a tógáil agus chuamar ag clárchéaslóireacht chomh maith. Ag deireadh léimeamar ó ché. Bhaineamar an-taitneamh as an turas go dtí Fastnet. Míle buíochas le Iníon Ní Chonchúir a d’eagraigh an turas álainn seo.
GLOBE IRELAND – MONATÓIREACHT AEIR
Thosaíomar ar shuirbhé monatóireachta aeir chun cáilíocht an aeir a thástáil. Tá sé seo mar chuid de Fheachtas Cáilíochta Aeir Globe Ireland a bhfuil roinnt scoileanna páirteach ann ar fud na tíre. Fágfaimid na feadáin ina n-áit ar feadh ceithre seachtaine. Ansin bainfimid anuas iad agus cuirfimid amach iad le haghaidh anailíse Dé-ocsaíd Nítrigine (NO2). Déanfar comparáid idir na torthaí agus suíomhanna eile ar fud na tíre.
FOCLÓIR
- Oilimpiad Mata – Maths Olympiad
- cluiche dúshláin – challenge game
- comhscór – draw
- saineolaithe – experts
- foghlaim piar – peer learning
- Clár Fiontair Mac Léinn – Student Enterprise Programme
- Fóite – Fota
- déantáin – artefacts
- Cogadh na Saoirse – War of Independent
- Luíochán – Ambush
- clárchéaslóireacht – paddleboarding
- monatóireacht aeir – air monitoring





