Uasdátú – 5/11/25

 In Nuacht

COMHGHAIRDEAS
Guímid gach rath ar fhoireann na mban Naomh Abán a bheidh ag imirt i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

COMHAIRLE NA NDALTAÍ
le Naomi Ní Scanaill
Tá Comhairle na nDaltaí i bhfeidhm arís i mbliana i gColáiste Ghobnatan. Bhí buachaill agus cailín ó gach bliain tofa mar ionadaí don bhliainghrúpa sin. Is eard atá i gceist le Comhairle na Daltaí ná, bíonn cruinniú gach coicís le Bean Uí Dhonnchú ina chuireann na hionadaithe smaointí an ranga ar aghaidh chun iad a phlé ag an gcruinniú. Pléimid conas gur féidir cúrsaí scoile a fheabhsú agus cuirimid imeachtaí ar siúl chomh maith chun airgead a bhailiú le haghaidh rudaí nua don scoil agus do charthanachtaí éagsúla. D’eagraigh an Chomhairle Lá na nGeansaithe ar an 10ú Deireadh Fómhair le haghaidh an carthanacht GOAL. Bhailíomar €300 do GOAL. Chomh maith leis sin bhí bord ag an gComhairle ag Oíche Oscailte Cholaiste Ghobnatan inar líon daoine amach tráth na gceist chun a bheith curtha isteach i gcrannchur. Bhuaigh Cillian Ó Cinnéide as bunscoil Ré na nDóirí an ciseán de mhilseáin. Anuraidh ag deireadh na bliana cheannaigh an chomhairle bord púil leis an airgead a bhí bailithe acu i rith na bliana. Tá daltaí na scoile ag baint taitnimh as é a úsáid i láthair na huaire.

SEACHTAIN MATA
Eagraíodh roinnt gníomhaíochtaí le haghaidh Seachtain Mata an tseachtain seo caite.
COMÓRTAS MAGGIE GOUGH: Ghlac roinnt daltaí ó bhliain 2 agus 4 páirt i gcomórtas mata Maggie Gough. Reachtáladh an comórtas ar líne agus bhí sé eagraithe ag Cumann Múinteoirí Matamaitice na hÉireann. Bhí 23,200 iontráil ó 232 scoil ar fud na tíre – le 416 trí Ghaeilge. Na daltaí a ghlac páirt ná Eibhlín Ní Bhriain, Eimear Ní Chiardha, Saoirse Ní Dhulchaointigh, Traolach Ní Ríordáin, Naomi Ní Scanaill agus Seán Ó Tuama.
Ghlac daltaí ó bhliain a 2 páirt i dTráth na gCeist – na buaiteoirí ná Abbie Ní Scannláin, Muireann Ní Shuibhne agus Eimear Ní Chiardha. Ghlac daltaí ó bhliain a 1 páirt i dTráth na gCeist – na buaiteoirí ná Méabh Ní Chéilleachair, Jay Ó Murchú agus Maresa Ní Thuama.
Bhí comórtas póstaer mata ag muintir na hidirbhliana. An treoir a tugadh dóibh ná póstaer a chruthú faoi mhatamaiticeoir Éireannach. Bhí póstaeir áille déanta ar mhatamaiticeoirí ar nós William Rowan Hamilton, Siobhán Vernon (as Maigh Chromtha), John Lighton Syne, Maggie Gough agus Sophie Bryant. Na daltaí a bhuaigh Ceist an Lae ar idirlín ná Keith de Grant, Keely Ní Dhuinnín agus Daire Ó Tuama.
Comhghairdeas libh go léir! Míle buíochas le hIníon Ní Ríordáin a d’eagraigh na gníomhaíochtaí ar fad.

TRAENÁIL CPR
Tá bliain a ceathair ag glacadh páirte sa scéim CPR4Schools a ritheann The Irish Heart Foundation. I rith mí Dheireadh Fómhair d’éirigh leo an cúrsa CPR a dhéanamh iad féin agus comh maith leis sin thraenáil siad muintir bhliain a haon faoi conas athbheochan chardascamhógach (CPR) a thabhairt Bhain na daltaí sult agus taitneamh as an éispéireas fiúntach sin. Tá sé mar sprioc acu anois an traenáil a dhéanamh le muintir na dara bliana roimh  Nollaig.

CISPHEIL NA GCAILÍNÍ FAOI 16 & 19
le Leah Ní Dhuinnín & Keely Ní Dhuinnín
Ar an Luan 13ú Deireadh Fómhair bhí cluichí cispheile ag na cailíní fé16 agus fé19 i gcoinne Choláiste Bhrógáin Naofa. Lá fada a bhí ann lán de chluichí mar bhí ar na fé19 dhá chluiche a imirt i lá amháin agus bhí cluiche ag na fé16 freisin. Cluichí den chéad scoth a bhí ann, lean na cailíní ar aghaidh ag obair go dian go dtí an deireadh. Faoi dheireadh bhí an bua ag Coláiste Ghobnatan sna trí cluichí. Lá iontach a bhí ann!
Ar an 16ú lá de mhí Dheireadh Fomhair thaistil foireann cispheile faoi 16 Choláiste Ghobnatan chuig Dúnmanmhaí. D’imir siad i gcoinne Mount Saint Michael ó Ros Ó gCairbre. Cluiche den scoth a bhí ann. Ní raibh níos mó ná ciseán amháin idir na foirne ag deireadh aon cheathrú. Níor chaill Coláiste Ghobnatan an lámh in uachtar in aon chor. Ba é an scór deiridh 16-14. Tá an fhoireann faoi 16 anois ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad babhta eile. Míle buíochais le Iníon Ní Bhriain agus Iníon Ní Chonchúir a fhreastalaíonn ar na cluichí leo.

IDIRSCOILEANNA SCEILIG
Le Chloe Ní Chríodáin agus Caireann Ní Loingsigh
Chuamar síos go dtí Sceilig Sport Horses ar an Aoine an 17ú Deireadh Fómhair. Bhíomar mar ionadaithe do Choláiste Ghobnatan ag an gComórtas Idirmheánach Seóléimní. Bhí Caireann Ní Loingsigh ag léimt na 70cm ar a capall Mist ó Coachford Equestrian Centre. D’éirigh go maith léi. D’fhoghlaimaíomar a lán agus bhaineamar an-taitneamh as agus táimíd ag tnúth go mór leis an gcéad chomórtas eile!!

TORTHAÍ IONTACHA
Ba mhaith linn tréaslú leis na daltaí ar na torthaí iontacha agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na múinteoirí as a gcuid oibre ar fad. Níos mó sonraí anseo Torthaí Sraith Shóisearacha

CNUASLÁ – OIDE
Ar an Luan 20ú Deireadh Fómhair d’fhreastail na múinteoirí ar chnuaslá le hOide. Thaistil múinteoirí áirithe chuig Gaelcholáiste Mhuire AG agus bhí múinteoirí eile lonnaithe i gColáiste Ghobnatan. Bhí deis ag na múinteoirí bualadh le múinteoirí eile atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge. Bhí béim mhór ar na hábhair Ardteistiméireachta atá i dtráinse a haon agus dó.

CAREER OPTIONS
Ar an gCéadaoin 15ú Deireadh  d’fhreastail muintir bhliain a chúig & sé ar Career Options i gCorcaigh. Míle buíochas le hIníon de Brún, Iníon Ní Bhuachalla, Iníon Ní Chríod agus Iníon Ní Ríordáin a thaisteal leo.

GLUAIS
bord púil – pool table
seóléimní – show jumping
Gradam – Distinction
Ardtuillteanas – Higher Merit
cnuaslá – cluster day
tráinse – tranche

 

POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)