Uasdátú – 23/01/26
COMHGHAIRDEAS
Gabhaimid ár mbuíochas le Cathal Ó Loingsigh – bhí sé mar chuid de fhoireann Rebel Wheelers a bhuaigh Craobh na hÉireann sa chispheil le déanaí. Éacht den scoth!
LIPSYNC
Roimh an Nollaig, faoi stiúir Bean Uí Dhonnchú d’eagraigh Comhairle na nDaltaí LipSync. Bhailigh an scoil ar fad le chéile sa thionól. Bhí trí taispeántas déag. Ba é Conall fear an tí. D’oibrigh Máistir Ó Céilleachair, Bean Uí Chuill agus Iníon Ní Bhriain mar mholtóirí – leis an gcaighdeán iontach bhí sé deacair dóibh buaiteoir a phiocadh. Le linn an phlé bhí ceol álainn ó Naomi Ní Scanaill, Emma Duerr, Eoghan Ó Céilleachair, Cathal Ó Loingsigh, Cillian Mac Suibhne, Conall Mac Suibhne, Finín Ó Conaill agus Donagh Ó Mainnín. Tháinig Claire Ní Aodha, Doireann Ní Mhocháin, Andrea Ní Mhurchú agus Saoirse Ní Uidhir sa tríú háit. Bhain Aifric Ní Chuisín an dara háit amach. Bhí Darcy Ní Bhriain, Eireann Ní Luanaigh, Emma Ní Chróinín agus Sara de Grant mar na buaiteoirí .
Na taibheoirí eile ná Leonard Geslers, Oliver Golecki, Sam Ó Cuisín-Breathnach, Rónán Ó Tuama, Barra Ó Scanaill, Jay Ó Murchú, Fionán Ó Luasa, Eoghan Ó Duinnín, Kyle Ó Cróinín, Mattie Ó Loingsigh, Aoife Ní Loingsigh, Jerh Ó Loingsigh, Ciarán Mac Suibhne, Peadar Ó Ceallaigh, Danny Ó Loingsigh, Ciarán Ó Súilleabháin, Johnny Ó Tuama, Éanna Ó Cróinín, Seán Óg Mac Suibhne, Jack Ó Goilldhe, Iarlaith Ó Laocha, Oisín Ó Tuama, Seán Óg Ó Scanaill, Beirtí de Róiste, Aaron Ó hArgáin-Loingsigh, Kayla Ní Éalaithe, Donncha Ó Duinnín, Cal Ó Conaill agus Brian Ó Céilleachair. Molann sibh go léir!
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le comhairle na ndaltaí, Bean Uí Dhonnchú, Seán agus Mary as an obair go léir!
MARGADH NA NOLLAG
Faoi stiúir Iníon Ní Chonchúir d’eagraigh muintir na hidirbhliana Margadh na Nollag den scoth! Bhailigh siad €1384 don Enable Ireland. Míle buíochas le gach éinne as bhur dtacaíocht!
Na hurraitheoirí ná – Folláin, De Róiste Foods, Lely, O Connell’s Carpentry, Mark Éire, Siopa Uí Luasa, Coolea Cheese, Kabin, Looney Cakes, Top of Coom, Firebird, Edel Bakes, Christy Lucey, TP Cotter’s, Cronin’s Bar & Café, Enchanted Flowers, Óstán Ghobnatan, Foireann na Scoile
FEACHTAS CAIGHDEÁN AEIR
Cúpla mí ó shín, ghlac ár scoil páirt i bhfeachtas caighdeán aeir eagraithe ag GLOBE, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus an Taisce agus fuaireamar na torthaí. Cuireadh trí fheadán suas timpeall suíomh na scoile ar feadh míosa. Seoladh iad ar aghaidh le haghaidh anailís. Tá an leibhéal dé-ocsaíd nítrigine mar tháscaire do thruailliú aeir. Na torthaí a fuaireamar ná 1.96 – 6.57 μg/m3 NO2. Tá uimhreacha níos lú na 10 μg/m3 NO2 go maith. Míle buíochas le hIníon Ní Ríordáin a dhein a rinne maoirseacht ar an tionscadal seo.
TAISPEÁNTAS EOLAÍ ÓG AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Chuaigh 80 dalta ó bhliain a trí, idirbhliain agus bliain a cúig chuig an Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíocht Stripe sa RDS, Baile Átha Cliath. Bhí deis acu na tionscadail a fheiceáil. Lá iontach! Míle buíochas le Máistir Ó Laoire a d’eagraigh an turas agus le Máistir Ó hÁireachtáin, Iníon Ní Bhuachalla, Iníon Ní Ríordáin agus Rosie a thaistil leo.
GRADAIM – GO BUAIC DO CHUMAIS
Bronnadh gradam “Go buaic do chumais” ar dhá dhalta dhéag a léirigh mana na scoile le linn an chéad téarma. Bhí an gradam seo buaite ag Abbie Ní Liatháin (Bl 1), Éabhaoin Ní Loingsigh (Bl 1), Siún Ní Loingish (Bl 2), Eibhlín Ní Bhriain (Bl 2), Seán Óg Mac Suibhne (Bl 3), Mairéad Ní Mhurchú (Bl 3), Seán Ó Tuama (Bl 4), Sadhbh Ní Bhuachalla (Bl 4), Béibhinn Ní Loingsigh (Bl 5), Aobha Ní Mhuimhneacháin (Bl 5), Donagh Ó Mainnín (Bl 6) agus Claire Ní Scanaill (Bl 6). Maith sibh!
GLUAIS
- taibheoirí – performers
- feachtas – campaign
- truailliú – pollution
- eolaí óg – young scientist
- cumas – ability






