Uasdátú

 In Nuacht

COMHGHAIRDEAS

Tréaslaímid le Cathal Ó Loingsigh – bhí sé mar chuid d’fhoireann Rebel Wheelers a bhuaigh Craobh na hÉireann sa chispheil le déanaí. Éacht den scoth!
Ba mhaith linn tréaslú le hIseult Ní Ríordáin a fuair Scoláireacht Iontrála Quercus ó Choláiste ha hOllscoile Corcaigh. Roghnófar na faighteoirí ar an mbonn go bhfuil siad i measc na 15 mac léinn is fearr ina gColáiste maidir le gnóthachtáil pointí i Scrúdú na hArdteistiméireachta. Rinne Iseult an Ardteist i 2024 – faoi láthair tá sí ag déanamh staidéir ar chógaisíocht – guímid gach rath uirthi!

 

BRONNADH Ó MHARGADH NA NOLLAG

Bhronn muintir na hIdirbhliana €1384.00 ar Enable Ireland. Bhailigh siad an t-airgead sin ó Mhargadh na Nollag a rith siad faoi stiúir Iníon Ní Chonchúir. Molaimid go mór iad as an éacht seo a dheineadar.

Soláthraíonn Enable Ireland seirbhísí agus tacaíochtaí do leanaí agus do dhaoine fásta atá faoi mhíchumas, ag díriú ar chumhachtú, neamhspleáchas agus cuimsiú. Cuireann siad teiripe, teicneolaíocht chúnta, cúram faoisimh agus cláir phobail ar fáil chun cabhrú le daoine agus le teaghlaigh dul i bhfeabhas.

 

SEISIÚN EOLAIS – ROGHNÚ NA N-ÁBHAR

D’eagraigh an treoirchomhairleoir seisiúin eolais maidir le roghnú na n-ábhar don Ardteist le déanaí. Faoi láthair atá roinnt ábhar Ardteiste ag athrú – d’athraigh Bitheolaíocht, Ceimic, Fisic agus Gnó i mbliana. Beidh Staidéar Foirgníochta, Innealtóireacht, Tíreolaíocht agus Saol, Pobal agus Obair na hArdteistiméireachta  (beidh sé seo in ionad CGAT) ag athrú i mí Mheán Fómhair. Bhí Cuntasaíocht agus Béarla chun athrú i mbliana ach tá tabhairt isteach na n-ábhar seo curtha siar go dtí Meán Fómhair 2027 ar a laghad. Míle buíochas leis na múinteoirí a roinn a gcuid saineolais leis na daltaí.

 

PEIL NA MBUACHAILLÍ

Bhí bua iontach ag buachaillí fé 16 i gcoinne Douglas CS i gcluiche ceathrú ceannais Chorcaí ar an Luan. An scór a bhí ann ná 2-18 go 3-5. Maith sibh a bhuachaillí. Míle buíochas le bhur dtraenálaí Máistir Ó Duinneacha.

 

SACAR NA MBUACHAILLÍ

Scóráil Bhreandáin Ó Ceallacháin ‘hat-trick’ iontach nuair a bhuaigh an scoil 6-2 i gcoinne Scoil Phobail Churrach an Eich Bhuí thíos i gCóbh. Jack MacCarthaigh (2) agus Jerh Ó Loingsigh a fuair na cúil eile. Míle buíochas le Máistir Ó Duinneacha.

 

TAITHÍ OIBRE

An tseachtain seo rinne daltaí na hIdirbhliana Taithí Oibre i ngnólachtaí agus áiteanna oibre idir áitiúil agus thar lear. Tá buíochas mór tuilte ag na fostóirí a ghlac lenar ndaltaí ar Thaithí Oibre; is mór an deis a chuir siad ar fáil dóibh. 

 

RÉAMHSCRÚDUITHE

Dhein  daltaí Ardteiste agus tríú bliana na réamhscrúduithe an tseachtain seo– seo céim eile déanta ar a n-aistear foghlama. Míle buíochas leis na múinteoirí as na daltaí a ullmhú agus na scrúduithe a cheartú. 

 

LÁ GHOBNATAN 

Bhí deis ag daltaí na chéad bhliana freastal ar Aifreann le haghaidh Lá Fhéile Ghobnatan ar an 11ú Feabhra. Fuair roinnt daltaí “tomhas Ghobnatan”. Míle buíochas le hIníon Ní Bhuachalla agus Iníon Ní Chonchubhair as an deis seo a sholáthar dóibh. 

 

MRB STAIRE 

Mar chuid den tSraith Shóisearach déanann daltaí roinnt MRBanna nó Measúnuithe Rangbhunaithe. Tá na daltaí ó 2A tar éis an ceann staire a chríochnú. An tasc a bhí acu ná taighde a dhéanamh ar imeacht nó duine a bhain lena gceantar féin. Bhíodar in ann taighde a dhéanamh ar ghné de stair a mhuintire féin freisin. Roghnaigh na daltaí roinnt ábhar agus daoine suimiúla ar nós Seán Ó Riada, Luíochán Chúl na Cathrach agus Coláiste Íosagáin. Maith sibh a dhaltaí!  

 

CÚRSA TIOMÁNA  

Ar an 30ú Eanáir 2026, ghlac rang na hIdirbhliana páirt i gcúrsa tiomána. Rinneadar rudaí éagsúla cosúil le carr uathoibríoch a thiomáint, scútair leictreacha a thiomáint, spéaclaí beoracha a thástáil agus tástálacha cleachtaidh teoirice freisin. Bhain an rang an-taitneamh as. Beidh an t-eolas ar fad a d’fhoghlaimíodar úsáideach sa todhchaí. 

 

LÁ NA NGEANSAITHE – STAND FOR FÉILE  

Tá scoileanna ar fud Chorcaí agus Chiarraí á spreagadh chun páirt a ghlacadh i Lá na nGeansaithe ar an Aoine, 20ú Márta. Reachtálfar é chun tacú le téarnamh Féile Ní Shúilleabháin, déagóir ó Ailichí, a ndearnadh gortuithe tromchúiseacha uirthi i dtimpiste feirme anuraidh. Tá Coláiste Ghobnatan i mBaile Bhuirne go mór chun tosaigh san fheachtas, agus múinteoirí Máistir Ó Laoire agus Iníon Ní Shúilleabháin ag obair ar an gcoiste eagraithe in éineacht le hiar‑imreoir Chorcaí Barry Coffey. Beidh deis ag na scoileanna atá páirteach san fheachtas dul san iomaíocht chun cheithre gheansaí i ngach contae (dhá cheann do bhunscoileanna agus dhá cheann do mheánscoileanna) a bhuachan. Is é príomhchuspóir an lae ná airgead a bhailiú chun tacú le téarnamh leanúnach Fhéile. 

Schools across Cork and Kerry are being encouraged to take part in a jersey day on Friday, March 20, to support the recovery of Féile O’Sullivan, a teenager from Allihies who suffered life‑changing injuries in a farming accident last year. Coláiste Ghobnatan is actively involved, with teachers Máistir Ó Laoire agus Iníon Ní Shúilleabháin on the organising committee, helping coordinate the initiative alongside former Cork footballer Barry Coffey. Participating schools will be entered into a draw for four jerseys in each county (two for primary and two for secondary schools). The goal of the jersey day is to raise funds to assist Féile’s continued rehabilitation. 

 

DÍOLACHÁN CÍSTÍ AR SON LOURDES 

Ar an 22/06/26 bhí Díolachán Cístí ar siúl chun tacú leis na daltaí a bheidh ag dul go Lourdes i mí an Mheithimh – Clíona Ní Mhocháin & Dáithí Ó Cróinín. Bhí an díolachán an- rathúil agus thug na daltaí agus múinteoirí an-tacaíocht dóibh. Bailíodh €830 don turas! 

GLUAIS

  • scoláireacht iontrála – entrance scholarship,
  • cógaisíocht – pharmacy
  • Scoil Phobail Churrach an Eich Bhuí – Carrignafoy Community School
  • réamhscrúduithe – pre-examination
  • taighde – research  
  • díolachán cístí – bake sale 
POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)