Tús maith

 In Nuacht

TÓSACH NA SCOILBHLIANA
Ar an 28ú Lúnasa, d’fháiltíomar roimh dhaltaí na chéad bhliana go Coláiste Ghobnatan – Táimid cinnte go mbainfidh sibh taitneamh agus tairbhe as bhur n-aistir foghlama anseo linn!  Ná dearúdaigí ‘Tús maith leath na hoibre‘. Chuireamar fáilte roimh fheighlí scoile nua Nicolas Ó Fuaráin.


TORTHAÍ NA HARDTEISTE
Tréasláimíd le rang na hArdteiste a bhain sár-éachtaí amach ina dtorthaí i mbliana. Táimid an-bhródúil agus mhórálach asaibh. Ba dheas sibh a fheiscint ar lá na dtorthaí ag filleadh ar an scoil chun bhur n-eachtaí a chéiliúradh le chéile.  Go n-éirí go geal libh leis an gcéad chéim eile!

COIRN CRAOBH NA HÉIREANN
Le déanaí chuireamar fáilte roimh Pheadar Ó Ceallaigh (iardhalta), Clíona Ní Mhocháin (dalta reatha), Róisín Ní Liatháin agus Rory Ó Súilleabháin. Bhí Clíona agus Róisín ar an bhfoireann peile na mban Chorcaí Fé18 agus bhí Peadar agus Rory ar an bhfoireann peile Chorcaí na buachaillí Fé17 i mbliana. Bhuaigh ná dá fhoireann an Craobh na hÉireann. Bhí cúpla focal ón bpríomhoide Máistir Ó Colmáin, Clíona, Peadar, Iníon Ní Shúilleabháin agus Máistir Ó Duinneacha. Ba ócáid álainn í chun tús a chur leis an scoilbhliain. Míle buíochas le CLG Naomh Abán as an ócáid a eagrú.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

FOCLÓIR

  • ná dearúdaigí – don’t forget
  • feighlí scoile – caretaker
  • mórálach – pride
  • coirn – cups

 

 

POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)