Comhghairdeas – Apple Distinguished Eductor

 In Nuacht

Tá áthas ar Apple fáilte mhór a chur roimh Phádraig Ó hAireachtáin isteach i Rang 2026 de na Apple Distinguished Educators (ADE).

Tá 400 oide ó gach cuid den domhan roghnaithe mar chuid de Rang 2026, rud a léiríonn fairsinge agus spiorad comhoibrithe an chláir ar fud an domhain.

Ina measc, is é Phádraig Ó hAireachtáin ionadaí aonair na hÉireann i Rang 2026. Mar mhúinteoir i gColáiste Ghobnatan, iar‑bhunscoil Ghaeltachta i mBaile Bhúirne, is céim mhór é seo don scoil agus don phobal Gaeltachta féin — ag léiriú an ról láidir atá ag an nGaoluinn agus ag scoileanna Gaeltachta i nuálaíocht agus forbairt an teagaisc. Cuireann an roghnú seo é i bpobal idirnáisiúnta a bhfuil meas orthu as a gceannaireacht, a gcruthaitheacht, agus an tslí ina n‑úsáideann siad teicneolaíocht Apple chun foghlaim a fheabhsú.

POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)