Oíche Chéimnithe 2016
Bhí ócáid speisialta againn le rang na hArdteiste 2016 ar an Aoine seo caite. Do léigh an tAthair Ó Briain aifreann ceiliúradh ar a son, le cabhair ó Iníon Ní Bhuachalla agus Bean Uí Riordáin. Bhí cór bunaithe don tráthnóna agus thugadar sár-thaispeántas ceoil le linn na hócáide. Le hóráidí ó Darren McPháil, Liam Ó Muiris, Hannah Coombs ar son na ndaltaí agus cúpla focal ó Iníon De Staic agus an Phríomhoide Máistir Ó Lionáird ar son na fóirne, bhí go leor ábhair macnamhach. Gúimid gach rath orthu don todhchaí agus go deimhin dos na scrúdaithe an tseachtain seo chugainn.
POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)