Cnoc Chairdiach
Ar an 4ú lá de mhí Méan Fhómhair chuaigh an chéad bhliain agus an Idirbhliain ar turas go dtí Sliabh Torc i gCill Airne. Ba thuras maith é agus bhaineamar go léir taitneamh as. Chuamar ar an mbus ag a 9:00 ar maidin agus thóg sé thart ar fiche cúig nóiméad chun teacht ann. Bhí gach duine ar bís chun dul ag siúl agus gan aon dabht bhí bís orainn go-háirithe!
Stop an bhus i gcarrchlós thart ar dhá nó trí cilleaméadar ó Chnoc Chairdiach agus thóg sé thart ar cúig nóiméad déag nó fiche nóiméad chun teacht chuig bun an chnoc. Bhí an foraois beo maidir leis an atmaisféar agus bhí gach duine i ngiúmar maith. Bhí cúpla fánaí ar an siúlóid a shiúlamar ar nuair a bhíomar ag teacht chuig bun an chnoc ach ní raibh sé dúshlán mór dúinn chun siúl thar iad. Stopamar ar feadh deich nó cúig nóiméad déag ag bun an chnoc chun sos beag a thógaint nó píosa beag dár lóin a ithe agus ón bpointe sin, d’éirigh an siúlóid i bhfad níos deacra!
Nuair a thosnaíomar ag dreapdh, ní raibh sé ro-chrua ar ár gcosaí. Bhí cosán caol romhainn chun dreapadh agus bhí sé beagáinín sleamhain de bharr an báisteach a thit roimhe. D’fhan gach duine ina ngrúpaí nó a rang féin agus bhí gach duine áthasach ag tosnú an siúlóid. Thógamar pictiúrí dúinn féin ag dreapadh agus tá cúpla cinn acu greannmhair agus tá cúpla eile atá go hiontach. Thógamar sos tar éis fiche nóiméad nó mar sin chun uisce a ól nó píosa beag eile dár lón a ithe.
Tar éis an sos sin, d’éirigh sé i bhfad níos deacra. Thosnaigh daltaí ag sleamhnú ar an gcosán déanta as adhamid, bhí daltaí sáite cé nách raibh aer úr acu thuas ar an gncoc agus san iomlán, bhí daoine tuirseach. Thógamar sos eile, ach bhí rud amháin ar intinn gach duine, cé gur dreap siad comh-hard sin. Ní raibh fonn ar aon duine tabhairt isteach, cé go rabhadar tuirseach. Mar sin, chuireamar ár gcosa ar na treathnáin agus chuireamar gach rud isteach chun an barr a shoichint…
Tar éis tamall eile, shoicheamar an barr de Chnoc Chairdiach agus bhí fonn ar gach duine a ligint a scíth, ag tabhairt sos ar an dtalamh crua agus fliuch. Cé go raibh an radharc thuas ar an mbarr comh-maith sin, níor lig aon duine a scíth agus bhí gach duine bródúil dá chéile, go háirithe an chéad bhliain mar bhí siad comh-óg sin ag dreapadh cnoc an-ard. Thógamar pictiúrí dá chéile agus thóg na múinteoirí ceann uainn comh-maith. Mhéadaigh an radharc an áilleacht de na phictiúrí agus tá súil againn go gcuirfidh an chuid is mó de na dhaltaí san Idirbhliain cúpla pictiúrí den dreapadh sin ina bhfilteáin!
Síos an cnoc is a théimíd agus bhí sé tugtha do gach duine sleamhnú ar an gcosán nuair a dreapamar síos cé go raibh aon cosán fós fliuch. Shleamhnaigh cúpla daoine ach bhíodar ceart go leor, buíochas le Dia. Bhí ár gcosa réidh chun teacht uainn ach tháinig gach duine síos an cnoc gan aon fadhb mhór. Stopamar arís ar feadh cúpla nóiméad chun píosa beag eile dár lóin a ithe agus uisce a ól. Theastaigh ó gach daoine dul go dtí Teach Mhucros agus d’aontaigh na múinteoirí linn chun dul ann, ach bhí orainn siúl ansin ar feadh tríocha nóiméad nó mar sin chun dul ann.
Dar liomsa, is fiú an siúlóid é agus bhí beagnách an-iomaid spás againn sa pháirc in aice leis an teach chun ár scíth a ligint. D’imir cúpla daoine ón Idirbhliain le liathróid beag agus d’ith cúpla daltaí eile a lóin a bhí fághta acu. D’ith an chuid is mó don chéad bhliain a lóin agus shuigh siad ar an bhféar ag iarraidh cúpla gathanna a fháil ó solas na gréine. Ní raibh sé i bhfad go dtí go raibh orainn dul ar ais go dtí an bus arís agus d’fhág gach duine slán le éispearais iontach.
Ar an tslí abhaile, stopamar ag ollmhargadh SuperValu i gCill Áirne chun bia, deoch nó milseáin a cheannach agus bhí gach duine sásta ag teacht abhaile ar an mbus.
Tríd is tríd, bhí éispearais iontach ag an gceithre bliain go háirithe agus beidh sé i bhfad go dtí go dhéanfaimíd dearmad ar!