Díospóireacht: Craobh na hÉireann, Heritage Hotel, Sr. Jessop, Port Laoise, Co. Laoise, 4.00 i.n.

 In Nuacht

díos

Amárach Lá an Bhreithiúnais ó thaobh na díospóireachta de!!

Gan dabht táimid fíor-bhródúil as ár n-ionadaithe Chloe, Seosamh agus Eoin a bheidh i mbun iomaíochta amárach i bPortlaoise.

Chloe Racine, Seosamh Ó Buachalla, Eoin Ó Conaill

Tar éis taithí na bliana seo caite a chur i dtaisce, táid sa chraobh i ndiaidh babhtaí i dTrá Lí agus sa bhaile i mBaile Mhic Íre inár halla tionóil féinig fíu amháin! Táid ciallmhar, cruthaitheach, macánta agus fé stiúir Iníon Ní Chuilleanáin níl dabht ar bith ach go ndéanfaidh siad a seacht ndícheall sa chomórtas cinntitheach.

go neiri

Go n-eirí libh ó chroí ó chlann Ghobnatan! #Abú

&

(Go n-eirí leis na scoileanna go léir a bheidh páirteach!:)

 

POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)