Bród fiú gan bua

 In Nuacht

Craobh na hÉireann 2015

Masita Corn Uí Shúilleabháin (PS’C’)

Scór Deiridh:  Ard Scoil Rath Iomgháin 0-19 Coláiste Ghobnatan 2-12

Níor éirigh linn an corn úd a thabhairt abhaile linn aréir is baolach, ach bhí an turas abhaile mór groí déanta níos fusa dúinn as ucht an iarracht mhór groí a dhein ár n-ionadaithe thuas i gCúl an tSúdaire.

Bhí bearna geall leis dolíonta idir na fóirne ag leathama ach le croí agus spioraid le feiscint ó 1 go 15, ní raibh ach cic na liathróide eatarthu sa deireadh.

Ní mór dúinn buíochas a ghabháil le Ard Scoil Rath Iomgháin as cluiche glan, macánta a roinnt linn agus go n-eirí leo amach anso.

Buíochas le cách a thaisteal go dtí na cluichí agus go deimhin táimid buíoch as an tacaíocht atá faighte againn ós na clubanna máguaird agus ón bpobal i gcoitinne.

 

 

POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)