Athoscailt
Ath osclóidh an Coláiste:
(a) Dé Luain, 25ú Lúnasa ag 9.10 r.n. – do dhaltaí Bliain a 1, Bliain a 4 agus Bliain a 6 amháin. Cuirfear na daltaí le chéile ina ranganna agus caithfidh siad an mhaidin lena n-Oidí Ranga. Beidh siad ag dul abhaile arís ag 1.00 i.n.
(b) Dé Máirt, 26ú Lúnasa, ag 9.10 r.n. – do dhaltaí uile an Choláiste. Beidh na daltaí á rangú ina ranganna agus caithfear an mhaidin ag réiteach leabhair agus tráthchlár. Beidh na daltaí ag filleadh abhaile ag 1.00 i.n.
(c) Dé Céadaoin, 27ú Lúnasa, ag 9.10 – lá iomlán scoile.
POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)





