5ú-8ú Bealtaine
A leithéid de sheachtain agus ní raibh ach ceithre lá i gceist!
Scrúdaithe praiticiúla, cúrsaí Idirbhliana, bonn ór sa lúthchleasaíocht, cluichí peile (sínsear agus fé 16 buachaillí) agus turas go Manchain ag an Idirbhliain don deireadh seachtaine.
Idir Ealaín, Foirgneolaíocht, C.G.A.T (L.C.V.P.), Innealtóireacht agus Miotalóireacht, ní beag an méid oibre a bhí le feiscint ó bhun go barr na scoile i scrúdaithe praiticiúla le coicís anuas. Molaimid gach éinne a bhí bainteach agus go buaic bhur gcumais amach anseo leis.
Bhuaigh Christine Ní Chúipéir bonn ór i gcomórtas Deisceart na Mumhan ar an gCéadaoin. Ní bheimid ag breith uirthi go luath is dócha!
Tar éis an díoma i ndiaidh craobh na hÉireann, do b’fhiú ardú spioraide agus tháinig sé ar an Déardaoin. Tá bonn chontae sínsear (B) ag na buachaillí tar éis bua eile a ghnothú ar Choláiste Treasa Ceann Toirc inné, 2-14 2-12.
Lean an Idirbhliain clár thar a bheith broidiúil an tseachtain seo caite. Bhí Enda Prendergast agus Killian Young ó Bhanc na hÉireann ina dteannta ar an Luan. Ansan, thosnaigh cúrsa Cumann Lúthchleas Gael ar an gCéadaoin. Bhí gailf, sínis agus ranganna forbairt pearsanta idir láimhe acu inné agus gan dabht is i Manchain a bhí a “dtriail” don deireadh seachtaine. Más é go mbíonn an duine siúlach scéalach, beidh scéalta le roinnt i rith na seachtaine!
POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)






