Uasdátú – 27/11/28
SACAR NA MBUACHAILLÍ
Bhí sárbhua ag foireann sacair na mbuachaillí fé 19 in aghaidh Scoil Mhuire Ceann Toirc i ndiaidh am breise! An scór deiridh ab ea 6-2 . Bhíomar chun tosaigh 2-1 (dhá chúl ó Lúc Ó Liatháin) agus 90 nóiméad ar an gclog ach ansin fuair Scoil Mhuire cúl eile leis an gcic dheireanach. San am breise, bhí ár leaideanna i bhfad níos láidre agus, le cúl breise ó Kyle, Breandán agus dhá cheann eile ó Lúc, tá Coláiste Ghobnatan agus captaen Charlie Tinsley ag dul ar aghaidh chuig an gcéad bhabhta eile. Comhghairdeas leis na buachaillí agus lena dtraenálaí Máistir Ó Duinneacha
SCANNÁN FRAINCISE
le Sadhbh Ní Bhuachalla
Bhí an t-ádh dearg liom agus le mo rang go raibh an seans againn dul chun scannán as Fraincis a fheiscint ag féile scannán Chorcaí. Ainm an scannáin ná The Marching Band nó i bhFraincis An Fanfare. Bhí an scannáin bunaithe ar bheirt dheartháir a bhí tagtha le chéile de bharr breoiteacht dhearthár amháin. Tá scileanna ceoil ag an mbeirt acu ach tá difríochtaí idir saolta na beirte agus déanann sé aibhsiú air seo. Bhain mé an-taitneamh as an scannán seo agus bhí lá iontach agam le mo rang go léir i gCathair Chorcaí. Míle buíochas le hIníon Ní Chéilleachair, Iníon Ní Chollata agus Máistir Ó Céilleachair.
TRÁTH NA GCEIST ISTA
Ghlac Eireann Ní Luanaigh, Daisy-Ann Herterich, Emma Ní Chroinín, Doireann Ní Mhocháin, Charlie Tinsley and Cian Ó Cearnaigh páirt i dTráth na gCeist Eolaíochta eagraithe ag Cumann Múinteoirí Eolaíochta na hÉireann mar chuid de Sheachtain Eolaíochta. Bhailigh ocht bhfoireann is tríocha i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ar an dtríú lá déag de mhí na Samhna. Faraor ní raibh bua acu bhain siad taitneamh as. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le hIníon Ní Ríordáin agus leis na tuismitheoirí a thaistil leo.
ACHAINÍ BHOSCA BRÓG
Faoi stiúir ár Séiplínigh, Iníon Ní Bhuachalla, bailíodh roinnt boscaí bróg mar chuid d’fheachtas Team Hope. Is iontach an fhlaithiúlacht
CISPHEIL NA GCAILÍNÍ
le Doireann Ní Mhocháin
Coicís ó shín thaistil na cailíní faoi 19 go Baile an Easpaig don chluiche ceathrú ceannais cispheile. Bhí bua iontach acu! Ar an gCéadaoin thaistil an fhoireann faoi 16 agus an fhoireann faoi 19 go Baile an Easpaig do Chluichí Leathcheannais an Chontae. Faraor, chaill an dá fhoireann ach bhí bliain den scoth acu ag imirt cispheile ar son na scoile. Míle buíochas le hIníon Ní Bhriain agus Iníon Ní Chonchúir as ucht an traenáil ar fad a dheineadar linn ó thús na bliana.
CEARDLANN CEIMICE – CURRENT CHEMISTRY INVESTIGATORS
Mar chuid de Sheachtain Eolaíochta bhí deis ag daltaí ó bhliain a 4 & 5 ceardlann ceimice a dhéanamh. Bhí an cheardlann bunaithe ar leictriceimic – míle buíochas le hIníon Ní Ríordáin as é a eagrú!
SEACHTAIN EOLAÍOCHTA
Le linn am lóin bhí ceardlann eolaíochta ar siúl ag fiosrú dathanna agus pH. Ar an gCéadaoin bhí Tráth na gCeist Eolaíochta ar siúl le haghaidh Bliain a hAon – na buaiteoirí ab ea Maresa Ní Thuama, Aoife Ní Aodha, Eimear Ní Chroinín, Shannon Ní Scanaill, Fia Ní Laoire, Rónán Ó Tuama, Liam Ó Duinnín, Fionán Ó Luasa , Filip Saj, Lily Ní Scanaill, Zac Ó Buachalla agus Barra Ó Scanaill. Míle buíochas le hIníon Ní Ríordáin a d’eagraigh na gníomhaíochtaí ar fad.
GAEILGE 24
Ghlac daltaí páirt i nGaeilge 24 an Mháirt seo caite. Is í aidhm an dúshláin ná daoine óga a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin ar feadh 24 uair an chloig: sa bhaile, ar scoil, i siopaí agus gnólachtaí, timpeall an bhaile, sa chlub spóirt agus le cairde!
IOMÁNAÍOCHT
Den chéad uair le roinnt mhaith blianta bhí an scoil in iomaíocht i gComórtas Iománaíochta Sinsearach. Thosaigh an bhliain amach le cluiche i gcoinne Choláiste Daibhéad i gComórtas an Chontae. Le taispeántas iontach ó na himreoirí, ach go háirithe captaen na foirne, Liam Ó hEanacháin, bhí bua cuimsitheach againn le scór 3-21 go 1-7. D’imríomar in aghaidh fhoireann mhaith i bPobal Scoil Naomh Peadar, an Pasáiste, i gCluiche Leathcheannais an Chontae ach faraor ní raibh an t-ádh linn ar an lá. Tréaslaímid leis na himreoirí as ucht na n-iarrachtaí iontacha a rinneadar sna cluichí. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Fachtna Ó Conchúir, Oifigeach Forbartha CLG Chorcaí, agus James Ó hIdhce don tacaíocht agus stiúir a thugadar dúinn ó thús na bliana.
TAITHÍ OIBRE
Faoi láthair tá muintir na hIdirbhliana ar thaithí oibre. Is deis iontach é dóibh foghlaim faoi shaol na hoibre. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na fostóirí go léir a thugann na deiseanna dóibh. Míle buíochas le Iníon Ní Chonchubhair agus Iníon Ní Chonchúir as an obair ar fad a dhéanann sí chun na taithí oibre a eagrú.
SCRÚDUITHE NA NOLLAG
Tréaslaímid leis na daltaí ó bhliain a haon, dó agus cúig a dhein scrúduithe an tseachtain seo.
COCHAILLÍN DEARG – GEAMAIREACHT
Faoi láthair tá muintir na hIdirbhliana, faoi stiúir Bean Uí Chuill, ag obair go dian chun an geamaireacht Cochaillín Dearg a ullmhú! Beidh sé ar siúl ar an 10ú Nollaig ag 18:00 in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loinsigh.
DÁTAÍ DON DIALANN:
- Beidh an scoil dúnta do dhaltaí ar an 28ú Samhain le haghaidh cúrsa FGL maidir le cosaint leanaí.
- Margadh na Nollag – 15ú Nollaig
GLUAIS
- achainí bhosca bróg – shoebox appeal
- leictriceimic – electrochemistry
- Cochaillín Dearg – Red Riding Hood
- geamaireacht – pantomime
- fostóirí – employers
- cosaint leanaí – child protection






