Uasdátú – 13/11/25

 In Nuacht

COMHGHAIRDEAS
Tréaslaímid le baill d‘fhoireann Naomh Abán na mBan a bhuaigh Craobh Idirmhéanach na Mumhan le déanaí. Comhghairdeas le baill d‘fhoireann Naomh Abán na mBuachaillí a bhuaigh Craobh an Chontae fé 16. D’éirigh go hiontach le muintir Mhúscraí ag an Oireachtas. Comhghairdeas le Seán Ó Súilleabháin agus Finín Ó Conaill a bhuaigh comórtas lúibíní 14-17. Fuair Finín Ó Conaill an dara háit i gcomórtas próis faoi 18, an dara háit i gcomórtas amhranaíocht ar an sean-nós 16 -17 mbliana d’aois agus an dara háit i gcomórtas damhsa ar an sean-nós.

BABHLÁIL BHÓTHAIR
Bhuaigh Darcy Ní Bhriain, Nicole de Buitiméir agus Orla Ní Mhurchú comórtas sinsearach na gcailíní. Fuair Brian Ó Céilleachair, Keelan Ó Críodáin agus Seán Ó Liatháin an dara háit  i gcomórtas sóisearach na mbuachaillí. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil lena dtuismitheoirí a thaistil leo.

PEIL NA GCAILÍNÍ
le Claire Ní Aodha
Bhí bua iontach ag na cailíní sinsearacha in aghaidh Coláiste Treasa, Ceann Tuirc le déanaí. D’imir na cailíní go hiontach – Dhein Matilda Ní Luanaigh sábháil iontach ar chic pionóis. Míle buíochas le hIníon Ní Shúilleabháin agus Iníon Ní Bhuachalla.

DEONTAS Ó CHOIMISIÚN UM IOMAÍOCHCHT AGUS COSAINT TOMHALTÓIRÍ
Tá an scoil tar éis deontas de €1000 a fháil ó Choimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí chun litearthacht airgeadais a fhorbairt sa scoil. Míle buíochas do Bhean Uí Bhuachalla a chuir isteach an t-iarratas.

GLUAIS

  • babhláil bhóthair – road bowling
  • Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí – Competition and Consumer Protection Commission
POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)