Uasdátú
COMHGHAIRDEAS
Ba mhaith linn tréaslú le baill d’fhoireann peile na gcailíní Naomh Abán faoi 18 a bhuaigh Craobh an Chontae le déanaí.
SACAR NA MBUACHAILLÍ
D’imir ár leaideanna in aghaidh Scoil Chuimsitheach, An Bóthar Buí sa dara babhta de chomórtas na Mumhan faoi 16. B’é an chéad chluiche scoileanna ar an bpáirc uile aimseartha nua i bPáirc Uí Mhuirí, Maigh Chromtha. I gcoinne fhoireann an-láidir agus fisiciúil, bhí ar gcúlaithe Filip Saj, Danny Ó Loingsigh, Zac Ó Buachalla agus Cathal Ó Duinnín an-láidir sa chéad leath i gcoinne ionsaitheoirí ó Bhóthar Buí. Thug Ben taispeántas den scoth sa chúl – bhí sábháil i ndiaidh sábhála aige. Bhí na buachaillí i lár na páirce Seán Ó Tuama agus Fionán Ó Luasa an-ghnóthach i gcónaí ag nascadh an imeartha. Tar éis ghluaiseacht eile ó Bhóthar Buí a stop na cúlaithe, fuair Rónán ó Tuama pas agus gan chasadh, chuir sé liathróid iontach trí lár chúlaithe Bhóthar Buí. Cé a bhí ar an taobh eile den phas ná Beirtí de Róiste agus, ar nós na gaoithe, bhí an liathróid sáite san eangach agus bhí Coláiste Ghobnatan suas 1-0! Ach bhí níos mó le teacht! B’fhéidir gurb é buaicphointe an chluiche ar fad ná an iarracht a dhein Filip cúl a stopadh nuair a léim sé ar chlé agus chaith sé a cheann i dtreo na liathróide chun é a choimeád amach. Bhí sé cróga agus dochreidte ar fad. Sa dara leath, lean ár leaideanna ar aghaidh ag imirt go hiontach agus bhí Kevin Ó hÉanacháin, Éanna Ó Cróinín agus ionadaí Benjamin Ó Ríordáin ar fheabhas sa tréimhse seo. Ach ansin, fuair Bóthar Buí cúl ó chic cúinne. B’fhéidir nach raibh an liathróid 100% thar an líne nuair a bhí sé glanta, ach bhí sé deacair a rá. Mhalartaigh Fionán agus Danny i ndiaidh é sin, agus bhí roinnt seansanna againn. Faraor, agus an ghaoth taobh thiar dóibh, fuair Bóthar Buí cúl eile ar an bhfrithionsaí ag druidim i dtreo an 90ú nóiméad. Agus an t-am beagnach imithe, bhí dhá seans mór againn chun an cluiche a chothromú ach bhíodar sábháilte ar an líne. Bhí mí-ádh ar fad ar ár mbuachaillí, ach bhí taispeántas lán le croí agus spiorad ó gach ball den fhoireann, ach go háirithe laoch na himeartha, Ben Ó Ríordáin, a bhí sa chúl. Maith sibh, a bhuachaillí!
CARTAÍ AGUS LITREACHA NA NOLLAG
Sheol daltaí Eacnamaíochta Baile cártaí & litreacha Nollag chuig áitritheoirí i dtithe altranais éagsúla i gCorcaigh mar chuid de scéim carepack.ie. Is feachtas cineáltais é seo a nascann áitritheoirí sna tithe altranais le muintir chneasta an phobail. A bhuí leis an scéim seo, beidh breis is 24,000 áitritheoir in Éirinn ag fáil litreach/ cárta um Nollaig. Táimid an-bhródúil as na daltaí as páirt a ghlacadh sa scéim.
BRONNADH TEG
Bhronn Eibhlín Ní Lionáird, Oifigeach Pleanála Teanga Mhúscraí, teastais TEG ar na daltaí a thug faoi scrúdú TEG ag leibhéal B1 anuraidh. Táimid thar a bheith buíoch d’Eibhlín a dhein urraíocht ar an scrúdú. Is mór againn a cuid flaithiúlachta. TEG ná Teastas Eorpach na Gaeilge. Is cáilíocht Eorpach é sa Ghaeilge. Tá na scrúduithe bunaithe go ginearálta ar an ‘Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha’. Úsáideann roinnt eagraíochtaí TEG sa phróiseas earcaíochta chun cinntiú go bhfuil na scileanna teanga cuí ag a bhfostaithe. Mar sin, is mór an buntáiste é an cáilíocht seo a bheith bainte amach ag ár ndaltaí. Tréaslaímid leo ar fad. Míle buíochas le hIníon Ní Bhriain as an mbronnadh a eagrú.
AOICHAINTEOIR – PAULA DUGGAN
le Máiréad Ní Mhurchú
Ar an Déardaoin 20ú Samhain tháinig saineolaí cothúcháin darbh ainm Paula Duggan isteach chun labhairt leis na daltaí Eacnamaíochta Baile i mbliain a dó agus a trí; agus leis na daltaí Idirbhliana go léir. Bhí an saineolaí cothúcháin go hiontach. Bhí sí ag labhairt mar gheall ar itheachán sláintiúil. Bhí sé an-suimiúil agus d’fhoghlaimíomar a lán. Míle buíochas le hIníon Ní Bhriain as é a eagrú
CARÚIL AGUS CRAIC SAN IONAD LAE
Bhí lá álainn ag muintir na hIdirbhliana san Ionad Lae. Chan siad roinnt carúil agus sheinn siad ceol!
GLUAIS
- áitritheoir – resident
- tithe altranais – nursing homes
- faoi mhíchumas – disability
- cuimsiú – inclusion
- spotduais – spot prizes
- carúil – carols





