Turas Staire
Ar an Luan, chuaigh daltaí staire ón 3ú, Idirbhliain agus 6ú bliain chuig pictiúrlann an Gate i gCathair Chorcaí chun féachaint ar scannán Tomi Reichental, duine a cuireadh chuig campa géibhinne Bergin-Belsen le linn an Dara Cogadh Domhanda agus a maireann fós.
Thug sé cuairt ar an bpictiúrlann é féin agus bhí deis ag na daltaí ag deireadh an scannáin ceisteanna a chur air maidir lena shaol féin, an tréimhse a chaith sé sa champa, an saol atá aige anois agus a dhearcadh ar an saol sa lá atá inniú ann. Bhí ardlá ag na daltaí ar fad.
POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)