Oíche Céime

 In Nuacht

Ar an 25ú Bealtaine bhí tráthnóna againn sa scoil chun muintir na hArdteiste a cheiliúradh. Mar chuid den oíche céime bhí Aifreann álainn againn leis an t-Athair Mac Cárthaigh. Thosaigh an oíche le ceol draíochtúil ó Ellen de Búrca, Róisín Ní Mhurchú, Aodhagán Ó Ríordáin agus Máistir Ó hAireachtáin. Léigh Jamie Tinsley agus Fia Ní Mhainnín na sleachta. Dhéin Mary Ellen Ní Chéilleachair, Ciara Ní Chríodáin, Katie Ní Dhaigneáin, Caoimhe Ní Mhurchú, Emma Ní Cheallaigh agus Amy Ní Chonaill guí an phobail. Thóg Kate Ní Urdail agus Lydia Ní Dhonnacha na bronntanais suas. Tar éis Aifreann sheinn Ava Ní Chonaill píosa gleoite ar an bpianó. Bhí óráidí óna n-oidí ranga Iníon Ní Ríordáin agus Máistir Ó Duinneacha. Cuireadh físeán de ghrianghraif thar na blianta ar siúl. Labhair Kiera Ní Ealaithe-Bhriain agus Deaglán Ó Murchú ar son na daltaí. Bhí cúpla focail freisin ón bPríomhoide Máistir Ó Creimín. Bronnadh teastais, peann agus fáinne óir ar gach dalta. Tá an Fáinne mar shiombail ar an nasc atá acu leis an nGaeilge. Caitear an Fáinne mar chomhartha go bhfuil Gaeilge acu agus go bhfuil siad toilteanach as í a labhairt. D’oibrigh MacDara Ó Conaola mar Fhear an Tí agus bhí Donncha Ó Donnchú ag an doras chun fáilte a chur roimh gach duine. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le hIníon Ní Bhuachalla, Iníon Ní Ríordáin Máistir Ó Duinneacha, Máistir Ó Creimín, Maistir Ó hAireachtáin, Séan, Cáit agus Mary a chabhraigh go mór leis an ócáid.

Grianghraif – Ian Cronin Photography

POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)