Cochaillín Dearg!

 In Nuacht na hIdirbhliana

Faoi stiúir Bean Uí Chuill thug muintir na hidirbhliana faoi thionscadal spreagúil – chun a ngeamaireacht féin a chur ar an stáitse. Cúpla mí ó shín thosaigh an pleanáil, bhí go leor le déanamh – script a fhorbairt, feisteas a fháil, prapaí a dhéanamh, línte a fhoghlaim agus ticéid a dhíol. Thosaigh daltaí ag cleachtadh le Bean Uí Chuill, chaith siad roinnt tráthnóna tar éis scoile ag cleachtadh. Diaidh ar ndiaidh tháinig rudaí le chéile. Bhí cleachtadh feistis ar an Luain seo caite agus  bhí a gcéad seó ar an Máirt os comhair daltaí ó Scoil Náisiúnta Réidh na nDóirí agus Scoil Lachtaín Naofa. Ar maidin Céadaoin cuireadh an geamaireacht ar siúl do dhaltaí ó Scoil Chúil Barr d’Inse. Bhí an príomh seó ar siúl tráthnóna Céadaoin. D’oibrigh na daltaí go dian – molaimid iad!

Seo é an cliar Cochaillín Dearg – Katie Ní Chonaill agus Keely Ní Dhuinnín, Mac Tíre – Traolach Ó Ríordáin agus Matilda Ní Luanaigh, Scéalaí 1 – Lena Karas, Scéalaí 2 – Cathal Ó Loinsigh, Garda 1 – Culann Ó Murchú, Garda 2 – Eoin Ó Céilleachair, Mamaí – Naomi Ní Scanaill, An Lorax – Kyle Ó hÉalaithe Briain, Onceler – Charlie Lockett, An Crann – Seán Ó Muiris, Cara 1 – Avril Ní Thuama, Cara 2 – Emma Duerr, Cara 3 – Medb Ní Chionnfhaolaidh, Siopadóir – Seán Ó Tuama, DJ Pikachu – Shay Ó hÉalaithe, Johnny B – Rónán Ó Drisceoil agus Johnny Smacks – Cian Ó Loinsigh.
Ceol agus Soilse – Caireann Ní Loinsigh agus Sadhbh Ní Bhuachalla Criú – Seán Ó Muiris, Luc Ó Buachalla, Evan Ó Laighin agus Chloe Ní Chríodáin.

Ní tharlaíonn tionscadal mar seo gan roinnt cabhair agus tacaíocht. Fuaireamar roinn urraíocht ó Phlean Teanga Mhúscraí – Eibhlín Ní Lionáird agus Comharchumann Forbartha Mhúscraí – Caroline Ní Nualláin – chabhraigh sé go mór le costas stáitsiú. Ba mhaith ár mbuíochas a ghabháil leis an Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh (Liadh agus Eibhlín) as an spás. Míle buíochas le na múinteoirí a chabhraigh go háirithe Máistir Ó Céilleachair agus Iníon Ní Ruairc.  Míle buíochas chomh maith le hEsther Ní Chruadhlaoich  (ranganna drámaíochta) agus Dan O’Callaghan (fuaim). Seo na urraitheoirí don chrannchur: Paxxus, Siopa Uí Luasa, Folláin, Coolea Cheese, Lynch Trailers, Séan Kelleher Contracting, Engenuiti, Óstán Ghobnatan, Deasy’s Careplus Pharmacy, Irish Health Foods, O’ Connell Carpentry, DairyGold Co-op, Macroom Buffalo Cheese, Amanda Looney Cakes agus Enchanted Flowers – táimid buíoch as an tacaíocht ar fad.  Bhí €379 bailithe ó chrannchur do Macroom Senior Citizens a chabhraigh linn le cultacha.

Ar son na scoile ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Bean Uí Chuill as an obair ar fad a chuir sí isteach – bhí sé dochreidte! Comhghairdeas leat!

 

Gluais: geamaireacht – pantomime, feisteas – costume, prapaí – props,  cliar – cast, criú – crew, urraíocht – sponsorship, crannchur – raffle,

POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)