Eolaíocht

 In Nuacht

Ceardlann Ceimice – Spectroscopy in a Suitcase.

Fuair daltaí san Idribhliain agus an rang ceimice i mbliain 6 deis páirt a ghlacadh i gceardlann ceimice. Is é ‘Spectroscopy in a Suitcase’ an teideal ag an gceardlann. Tháinig triúr éascaitheoirí ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Bhí an cheardlann seo bunaithe ar obair dhlí-eolaíoch agus teicnící anailíseacha. D’úsáid na daltaí speictriméadracht ionsúcháin infridhearg (IR) agus chuir siad samplaí sa speictriméadracht ionsúcháin ultraivialait (UV). Bhí sé an-suimiúil agus an-oideachasúil. Bhain gach duine an sult as.

(Ár mbuíochas le hIníon Ní Riordáin a eagraíonn an chuairt bliain i ndiaidh bliana.)

 

An Eolaí Óg

D’imigh bliain 3 ar thuras go dtí an Eolaí Óg agus níl aon dabht ach go raibh sár-lá acu!

(Ár mbuíochas le hIníon Ní Thuama agus Máistir MacCionnaith a chaith an lá ina dteannta!)

 

POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)