Ceardlann Scríbhneoireachta
Ba phribhléid é dúinn le déanaí nuair a tháinig an t-údar Áine Ní Ghlinn chun na scoile chun ceardlann scríbhneoireachta a dhéanamh le bliain 2 A agus B thar dhá lá. Bhí na daltaí ag foghlaim faoin bpróiséis scríbhneoireachta, agus faoin slí a thagann úrscéal le chéile. Bhí na daltaí ag plé na húrscéalta agus dánta a scríobh Áine í fhéin, agus ansin fuair siad seans chun a gcuid dánta fhéin a scríobh. Thóg Áine cóipeanna des na dánta iontacha seo leí, mar sin bígí ag faire amach san irisleabhar Comhar dos na dánta seo. *Buíochas le COGG as tacú leis an gclár seo.
POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)






