Ceardlann Ceimice – Spectroscopy in a Suitcase.
Fuair daltaí ó rang ceimice na hArdteiste deis páirt a ghlacadh i gceardlann ceimice. Is é ‘Spectroscopy in a Suitcase’ an teideal ar an gceardlann – tá sé eagraithe agus urraithe ag The Royal Society of Chemistry. Tháinig triúr éascaitheoirí ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Bhí an cheardlann seo bunaithe ar obair dhlí-eolaíoch agus teicnící anailíseacha. D’úsáid na daltaí speictriméadracht ionsúcháin infridhearg (IR) agus chuir siad samplaí sa speictriméadracht ionsúcháin ultraivialait (UV). Bhí sé an-suimiúil agus an-oideachasúil. Bhain gach dalta taitneamh as. (Ár mbuíochas le Iníon Ní Riordáin a thugann na saineolaithe seo chugainn bliain i ndiaidh bliana.)
POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)







