Bua sa Chispheil!
Shroicheamar Craobh an Chontae sa chispheil a bhí ar siúl i Staid Neptune ar an gCéadaoin 21ú Márta. Bhí Coláiste an Chraoibhín, Mainistir Fhear Maí inár gcoinnibh fé dhó. Ag coimeád an caighdeán a bhí acu do gach cluiche i mbliana, bhí bua maith ag cailíní bl. 1. Fiú nach raibh an t-adh le bl. 2, chuireadar sár-iarracht isteach.
Táimid thar a bheith bródúil astu go léir agus deinimid iad a cheiliúradh go hoifigiúil ar ball!
Buíochas le hIníon Ní Chuilleanáin agus Iníon Ní Chéilleachair a bhí i mbun traenála leo.
CG ABÚ!:)
POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)