Nuacht 7-12-20

 In Nuacht

Ar an Aoine, 20ú lá de Mhí na Samhna, eagraíodh lá bogha báistí i scoileanna timpeall na Éireann, le haghaidh Seas an Fód/Teacht Isteach dár gcairde LGBTQ+. Chuaigh daltaí na hidirbhliana i mbun na hoibre ar an bhfeachtas seo don lá. Bhí bliain a haon ag caitheamh éadaí bán dearga, bliain a dó, éadaí glasa, bliain a trí, éadaí buí.  Chaith an t-idirbhliain éadaí gorma, bliain a cúig éadaí corcora agus ghléas an seú bliain in éadaí oráiste.  Thacaigh na múinteoirí ar an lá.  B’iontach an deis é féachaint ar mhúinteoirí ó Chiarraí, ach go háirithe, ag caitheamh éadaí dearga ag tacú leis an bhfeachtas agus ag tacú foireann Chorcaí, agus Tadhg Ó Corcora, iar-dhalta na scoile ag an am céanna.  Chomh maith céanna ar an 20ú, bhí cúrsa ar tógáil foirne ar siúl don idirbhliain in Óstán Ghobnatan. D’fhoghlaim daltaí na hidirbhliana faoi scileanna cumarsáide a chabhróidh linn obair go cruinn ar fhoireann. Le srianta an Chorónvíris, bhí an cúrsa athraithe chun an scaireadh soisialta a chinntiú. Mar shampla, in ionad gach duine ag obair le chéile chun droichead a thógáil, bhí teach le cruthú ag gach dalta.  Bhí cluiche boird ar fáil dóibh chun a scileanna pleanála a fheabhsú agus comhoibriú a fhorbairt.

Tá daltaí na hidirbhliana anseo ag obair le comhlachtaí aitiúla chun pacáistí cúraim a chrúthú dos na seandaoine atá ina n-aonar don Nollaig de bharr an tréimhse tromchúiseach seo. Beidh na daltaí ag cruthú maisc, cruinneog sneachta agus maisiúcháin na Nollag ar scoil. Beidh cúpla dos na comhlachtaí áitiúla ag glacadh páirte sa dea-gníomhacht seo. Beidh na pacáistí tughta amach dos na sean daoine atá ina gcónaí ina n-aonar timpeall ár gceantar.                                                   

Bímid ag forbairt smaointí go rialta smaoineamh ag na hidirbhliain chun fir sneachta a dhéanamh agus a maisiú. Tá siad chun a bheith déanta as sliosanna adhmaid le maisiú deas orthu. Tá sé beartaithe againn iad a dhíol i siopaí áitiúla. Chomh maith leis sin, beidh an t-airgead bailithe ag dul i dtreo cathanacht éagsúla.  Is sinn ag forbairt spriod na Nollag, tá na daltaí ag cur maisiúcháin Nollag timpeall na scoile. Féachann sé go hálainn agus cuireann sé leis an atmaisféar dearfach sa scoil.

POSTÁLACHA IS DÉANAÍ (Recent Posts)