Is tú ancuairteoir
go dtí an suíomh seo
[
Áiritheoir, buíochas do  Web Counter]

English version

 

 

 

 


Na cluichí is deanaí sa nuacht litir

Cuirtear an-bhéim ar chursaí spóirt  sa Choláiste. Tá beirt mhúinteoir lánaimsireach corpoideachais ar fhoireann  na scoile agus is liosta le háireamh na háiseanna spóirt agus na seansanna ar choirpoideachas idir ghníomhaíochtaí aonair agus chluichí foirne, lastigh agus lasmuigh, ar úir agus ar uisce, a chuirtear ar fáil do na micleinn i gcúrsa cúig bliana.   

Sa Choláiste féin tá páirceanna peile, iománaíochta agus sacair, cúirteanna cispheile, leadóige, scuaise, liathróid láimhe agus raicéide. Tá seomraí gleoite gléasta le cithfholcadáin againn, agus gach áis don lúthchleasaíocht agus don raonchleasaíocht.  Tógtar daltaí go rialta chuig an linn snámha agus go dtí ionaid eile eachtraíochta. 

 Ní hionadh mar sin, go mbíonn fóirne na scoile, fireann agus baineann, chun tosaigh i gconaí sna comortasaí cúigeacha agus náisiúnta. 

 Is cuid lárnach den oideachas iomlán é an corpoideachas, dár linn.  Mar sin, gríostar gach dalta chun páirt ghníomhnach a ghlacadh sna himeachtaí éagsúla scoile seo.  D’fhonn so a thabhairt i gcrích tá bus dár gcuid féin againn a iompraíonn na daltaí ar pé imeachtaí is rogha leo, pé uair agus pé áit a oireann má chothaíonn sé corp folláin – agus dá réir an aigne slántúil!

Peil  [barr]

Peil Sinsear

Tá clú agus cáil ag foirne peil sinsear Coláiste Ghobnatan leis na blianta anuas.  I 1989 bhuaidh an Coláiste Craobh Peil Sinsear na hÉireann i bPáirc an Chrocaigh i gcoinne Dún-Geanánn, Co Tír Eoghain.

I rith na nóicidí bhuaigh an Choláiste trí Craobh Sinsear Chorcaí. 

I láthair na h-uaire tá cuigear iar-scolairí ar Panéil Sinsear Chorcaí – Antóin Ó Loinsigh, Gary Ó Loinsigh, Micheál Ó Cróinín, Jack Ó Loinsigh agus Nollaig Ó Laoire.

Sa bhliain 1999 d’imir triúr iar-scolaire i Cluiche Cheannais Peile Sinsear na h-Éireann le Chorcaí – Ciarán Ó Súilleabháin, Micheál Ó Cróinín agus Antóin Ó Loinsigh.

Sa bhliain 2000 bhuaigh iar-scolaire Nollaig Ó Laoire bonn Cheannais na h-Éireann le Minúirí Chorcaí agus fuair sé an Bronnadh “Man of the Match”.

Tá dhá pairc peile sa Choláiste agus i measc an foireann teagaisc tá Micheál Ó Scanaill, Colmán Ó Tuama agus Micheál Ó Suilleabháin a bhuaidh bonn Craobh Peile na h-Éireann.Muinteoir eile sa foireann teagaisc ná Pádraig Ó hIarlaithe a dhein mionúirí Chiarraí a thraenáil.

Tá an-freastail déanta ag Coláiste Ghobnatan ar Peil Gaelach.

Peil na gCailíní

Sa Choláiste faoi láthair tá peil na gcailiní tosnaithe cheana agus tá na cailiní fé 16 ag traenáil go dian.  Suas go dtí seo tá roinnt cluichí imeartha ag na cailiní sinsearacha agus ag na cailíni fé 16. Tá suim an domhain ag na cailini go léir glacadh páirt sna cluichi idir óg agus aosta.

Táimid ag imirt ins Comórtas B Sinsir, Fé 16 agus Fé 14 i mbliana i gCorcaigh.  D’iomríomar ins Comórtas na Mumhan i bPeil Sinsir A agus dhein ár gcailíní an ghaisce dul chomh fada le leath chraobh an chomortas sin nuair a bhuaidh an Clochar ó “Cahir” i dTiobraid Arrainn orthu i Mala leis an scór 3-8 go 2-6.

Tá siad taréis trí cluichi fé 16 a imirt.  Bhuaigh Droichead na Bandan orainn ins an Leath Craobh le 6-8 4-10 tar éis cluiche breá spórtúil sa pháirc anseo sa scoil.  Chaill ár gcáilíní sinsearacha sa Chomortas Sinsear Chorcaí i gcoinne Bóthar Buí agus Scoil Mhuire ach tá súil againn go mbeadh seans i bhfad níos fearr againn as seo amach os rud go bhfuil ár gcailíní ag imirt ins grád difriúil.

Táimid ag guí go mbeidh an aimsir ag eiri nios fearr agus go mbeidh na cailiní ábalta peil iontach a imirt sna páirceanna tirim.

 

Cispheil  [barr]

Is í an chispheil ceann de na spórt is láidre sa scoil.  Bíonn sí á imirt ag daltaí ó bhliain a haon go bliain a sé beagnach gach lá.  Is léir mar sin go bhfuil fonn mór orthu dul i bhfeabhas i mbliana!

Bhíomar ag súil le gaiscí móra ó na himreoirí cispheile i mbliana. Cad a tharla? Tosnóimid le cailini Fé 14.

Lá fada a bhí acu i Maghchromtha agus seachas Maghchromtha, ní raibh foireann chomh láidir leo. Iarracht mhór uatha ina dhiaidh!

Toradh céanna do na cailíní Fé 18. Foireann meascaithe idir Bliain 2,3 agus 5 agus fuaireadar amach go bhfuil sé deacair imirt i gcoinne daoine atá nios láidre agus níos aosta ná iad féin. Pé scéal é, is ag dul i dtaithí ar rudaí, an rud is tábhachtaí! 

Cad faoi na buachaillí Fé 14? Bhuel, bhíodar an-neirbhíseach i dtosach agus chuir sé sin isteach orthu.Dá bharr sin, níor thosaigh said ag imirt ar a gcumas go dtí go raibh an céad cluiche thart. Ina dhiaidh sin,thaispeáineadar gur cispheileadóirí den scoth iad. Ró-dhéanach ach iarracht mhaith.

Anois an scéal faoi na cailíní Fé 16.Bhuaigh said ar Scoil Mhuire sa chéad babhta, agus arís ar Bhéara sa chluiche Leath- Cheannais.

Cluiche Ceannais an Chontae mar sin i Halla an Paróiste i gCorcaigh. Ó nách raibh gach éinne neirbhíseach! An traenáil go léir déanta acu; Laoise, Eibhlín, Muireann agus Deirdre ag caint gan stad, gan staonadh; Sarah agus Nóirín ag smaoineamh ar na scrúdaithe; Eimear, Cáit, Siobhán, Nóirín, Sinéad agus Cáit-Áine ar rudaí eile; Laura agus Mary ar – aigne na ranganna ar scoil! Bhí Meadhbh gnóthach leis an uisce agus na geansaithe gan amhras! I ndeireadh na dála bhí cuspóir amhain acu- an corn a thabhairt ar ais go Baile Bhuirne.

Ar chomhscór ag leath-ama, bhí deis mór acu. Rinneadar olliarracht ach d`éirigh le Maghchromtha an bua a bhaint amach 18-14.

Sea, díomá mór ar fad ach bí cinnte go mbeidh siad ar ais an bhliain seo chugainn:níos láidre, níos tapúla agus ocras an domhain orthu! Mar fhocail scoir, táimid go léir an-bhróidiúl astu!

 

Ceappa na Laoi [barr]

Ceann de na turasanna oideachaisiúla a eagraítear gach bliain mar chuid den chúigiú bhliain ná cúrsa deireadh seachtaine go dtí An t-Ionad Imeachtaí Oideachaisiúl faoin aer I gCeappa na Laoi.

Bíonn na daltaí páirteach in imeachtaí éagsúla cosúil le Curachóireacht, Dreapóireacht, Cnocadóireacht agus Treodóireacht.

Baineann gach éinne an-taitneamh as gach bliain.

Ceappa na Laoi 2001...

 

Lúthchleasaíocht [barr]

Thar na blianta ghlac an Cólaiste páirt i gcomortaisí lúthchleasaíochta, go háirithe i rásaíocht treas tíre agus rásaíocht ‘track’.  D’éirigh le daoine aonair agus foirne éacht a dhéanamh i gComortaisí Náisiúnta na gColaistí agus i gcomortaisí Chontae an Choiste Oideachais.  Bíonn dian ullmhúcháin riachtanach chuige seo agus cabhraíonn sé go mór má bhionn na lúthchleasaithe mar bhaill do Chumann Lúthchleasaíochta chun na spriocanna traenála a bhaint amach.  Tá an t-adh leis an gColáiste go bhfuil Cumann Lúthchleasaíocht ‘West Muskerry’ ar an dtairseach chun tacú leis na daltaí ag baint duaiseanna amach chun meas a gcomh-dhaltaí agus meas an fhoireann teagaisc a thuilleamh.  Tugtar aitheanntas leis don díogras agus don féin-smacht a ghabhann leis an traenáil.

Tuilleann díogras omós pé rud a bhíonn ar siúl.