Is tú ancuairteoir
go dtí an suíomh seo
[
Áiritheoir, buíochas do  Web Counter]

English version

 

 

 

 



2003/2004

Teárma na Nollag 

Teárma na Cásca

Teárma an tSamhraidh 

Na Blianta Eile

2002/2003     2001/2002     2000/2001


Teárma na Nollag 2003 [barr]

Ceappa na LaoiMucrós > Sport Oíche Chéimnithe> Tráthnóna le Lyric FM> Suirbhé na h-óige> Rince le Feargus> Duais Stiana> Cork Pops Orchestra

Ceappa na Laoi [Teárma na Nollag] [barr]

Ar an Luan , an cuigiu la déag d'Mheán Fomhair dha mhíle agus a trí , d'fhágamaran scoil chun dul go Ceapach na Laoi. Bhí gach éinne ar bís.Chaitheamar cig nóméad déag ag iarraidh tríocha cig málaí agus ceathrar duine déag a chur isteach sa bhus ! D'fhágamar Baile Bhirne agus ansin chuamar tríd sliabh Riabhaich , Cluain Chaoin agus Gleann Fleisce. Stopamar i Siopa Uí Dhálaigh i gCill Áirne agus ansin ar aghaidh linn trí Lios ' Phuca agus Cill Orgláin go dtí go shroicheamar Ceapach na Laoi.  
   Tá ionad breá nua tógtha ann. Ar dtus
thaispeáin an minteoir Colette an t-ionad go léir dinn. Bhí  boladh do phéint fós sna seomraí go léir ! Ansin bhuaileamar le muintir na hidirbhliana ó Cheann Toirc agus d'inis Colette na rialacha go leir dinn. Roinn sí na daltaí idtrí grupa . Bhí an idirbhliin ó Choláiste Ghobnatan roinnte i ndha grpaí agus bhí an idirbhliain ó Cheann Toirc mar an tri grpa . Chuireamar ár málaí sna seomraí leapan agus bhí an lón againn sa phroinnteach.

Seo é an tráthchlár a bhí againn : 8.30 Bricfeasta
                                                  9.30 Gníomhaíocht
                                                  1.00 Lón
                                                  2.00 Gníomhaíocht
                                                  6.00 Dinnéir
                                                  7-10 Cluichí

Chomh maith le sin , roimh gach béile bhí ar ceann dos na grpaí an proinnteach a ullmhu , agus tar éis gach béile bhí ar ceann dos na grpaí glanadh suas.
            Ar an Luan ní raibh ach gníomhaíocht amhain againn , mar thánamar i lár an lae. Chuamar ag loingseoirecht le ceannaire ár grpa , Nathan . Bhí orainn an compás a usáid chun ár slí a dheanamh timpeall na sléibhte . Bhí sé ana theicniil agus bhí ar na freagraí bheith an-chruinn . Ar an Mhairt , tar éis an bhricfeasta , chuamar ag "abseiling" síos faill mór . Bhí eagla an domhain orainn nuair a chonaiceamar an fhaill , ach sa deireadh , bhaineamar an taitneamh as . i ndiaidh an lóin , d'fhoghlaimíomar conas puball a chrochadh agus conas cócaireán campáil a usáid . Maidin Dé Ceadaoin , chuamar ag curachóireacht. Bhí an spórt againn, cé go raibh an t-uisce an fhuar ! i lár an lae agus um thráthnóna bhíomar a ullmh don turas an chead lá eile. bhí orainn plean don siulóid a dhéanamh amachleis an gcompás Ansin chuireamar an bia , na pubaill , éadaí , babhlaí , cócaireáin 7rl isteach in ár málaí dhroma .              Bhí siad an trom ! Thug siad praghas liosta bia dinn agus , buiséad E35 , roghnaíomar an bia don turas , Ansin rinneamar ceapairí (35c an ceann ) don turas agus chuamar a chodladh.
             D'éiríomar go luath maidin Déardaoin . Tar éis an bricfeasta , chuamar suas an bóthar beagáinín ar an mbus agus bhíomar fágtha in ár aonair ag bun na sléibhte . Ansin bhí orainn ár sli a dhéanamh suas suas agus timpeall na sléibhte ar feadh seacht gcileameadar . Bhíomar an tuirseach nuair a thánamar go dtí an aill don abseil. Bhí sé oll mhór agus nuair a bhíomar ag an bun thosnaigh sé ag stealladh baistí ! Ansin chuamar ag curachóireacht thar loch mór go dtí ár suíomh campála . Chrochamar na pubaill agus bhí an dinnéar againn. Bhí an áit cldaithe le plandaí agus thugamar faoi deara go raibh cuig gabhair is fiche ag fanuint ann linn! Um thráthnona lasamar an tine . D'fhanamar ann ar feadh cpla uair ag insint scéalta agus ag cócaireacht marshmallows ós cionn na tine. 
             Ar maidin d'éiríomar timpeall seacht a chlog . Bhí bricfeasta álainn againn (arán agus ím) agus bhí orainn sil (hike) ar ais go dtí an ionad . bhí áthas agus faoiseamh orainn chun geataí an ionaid a fheiscint . Chuireamar an trealamh go léir ar ais agus dhéanamar ár malaí a phacáil don turas abhaile . Tar éis an lóin , bhailíomar san seomra teilifíse agus bhronn na muinteoirí suaitheantaisí agus teastais orainn . Ansin tháinig an bus agus chuamar ar ais ar scoil . Bhaineamar an taitneamh as an seachtain agus táimid ag caint faoi dul ar ais i rith an tSamhraidh.

Cáit Ní Shuilleabháin

Turas go Muc Róis [Teárma na Nollag] [bar

An Turas Éiceaoaíochta                

Ar an cigiu lá déag de Mheán Fhomhair a bhí ann . Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus bhí gaoth éadtrom ag séideadh .Bhí na ranganna Bitheolaíochta agus Eolaíocht Talamhaíochta ó bhliain a sé ar fad bailithe le cheile i mbus na scoile . Bhí gach éinne go ghealghaireach. Bhíomar ag dul ar turas oideachasiuil godtí Páirc Naisinta Mhus Róis i gCill Áirne. 
Is é a bhí ar bun againn ná stadéar ar éiceachóras ana coille.  Bhí saineolaí ann romhainn.  Cabhair iontach ab ea á seo . Thug sé obair phraiticiil dinn le cur i gcrích . Mhínigh sé agus léirigh sé gach rud go cruinn. D'fhoghlaimaíomar go leor eolais nua i dtaobh na ainmhithe , na bplandaí agus na ithreach atá sa choill. Bhaineamar usáid as éagslacht gléasanna eolaíochta cosil le cuadraí , putar agus compás.
Ag deireadh an lae bhíomar lán le heolas . Dhein sé maitheas dinn na gníomhaí a dhéanamh sinn féin , beag beann ar na leabhair scoile. Bhí gach dalta mórálach as an obair dian a bhí déanta acu agus bhí meangadh gáire ar gach aghaidh nuair a tugadh cead dinn dul chunithe i McDonald's !!

Síle Ní Cheallaigh

Spórt  [Teárma na Nollag] [bar

Peil na gcailíní 
Coláiste Ghobnatan V Droichead na Bandan

Dé Máirt , an fichiu la de Mheain Fhomhair , an céad cluiche peile cailíní sinsireach den bhliain , chluiche craobhcomórtas an contae i gcoinne Droichead na Bandan . Chluiche baile a bhí ann sa "Phortach" páirc imeartha Baile Mhuirne.
Shroich an lucht freasura , a raibh láidir agus luthcleasach , thart ar meanlae . Thosnaigh an cluiche timpeall ceathr tar éis a dó déag , nuair a shroich an réiteoir Padraig Ó Suilleabháin , an páirc. Tháinig an captaen agus cul báire Ciara Ní Liatháin amach agus bhuail sí caitheamh na pingine. Thosnaigh Coláiste Ghobnatan an-mhaith le pointe ó gach tosaí go mhór Michelle Ní Riordán agus Caitríona Ní Scanaill. Tháinig Colaiste Ghobnatan amach ag leath ama ceithre phointe chun tosaigh.
D'imir gach imreoir go h-an mhaith , go h-áiraithe Ciara ní Liathán sa chul, Meadhbh ní Ceallaigh i lár na Pairce agus Cristín Ní Mhurchu a raibh mar cossantóir - cliathánach ar chlé . Agus tar éis caint spreaguil ón mbainisteoir Pádraig Ó hIarlaithe , thainig Coláiste Ghobnatan amach le phleasc, ach i gcoinne an foireann a bhí níos fearr i Droichead na Bandan . Ach lean Coláiste Ghobnatan ar aghaidh ag fáilt scóranna agus fuair an lán tosaí Máire Ní Chiardha cul álainn . 
Le fiche nóiméid fagtha , chuir Colaiste Ghobnatan isteach trí ionadaí Ruth Ní Liatháin (mise!) do Máire Ní Chonchuir , Lina Racine do Laura Ní Harmóin agus Siobhan Ní Criodán do Maighréad Ní Chéilleachair . Agus le h-imreoirí nua  ar an bpáirc , lean leis an foirm mhaitha a bhí i Colaiste Ghobnatan . Sa deireadh bhuaigh Coláiste ghobnatan an chluiche le scór 1-12 i gcoinne 1-05.
Comhghairdeas do fhoireann Colaiste Ghobnatan an cluiche a bhuachaint agus go n-éirí leo sa tarna babhta i gcoinne Midleton . Lean leis an foirm cailíní !!

Ruth Ní Liatháin

Peil na Buachaillí [Teárma na Nollag] [barr]
 
Peil Shinsearach

                                  Coláiste Ghobnatan V Baile Mhistealaigh

1.10.03

Coláiste Ghobnatan  (Baile Mhuirne)   

3-11

Baile Mhistealaigh    

2-12

leathanach spórt

Coláiste Ghobnatan: L Ó Céarnaigh, D Ó Duinnín, S Ó Céilleachair, P Ó Suilleahbáin, S Mac Cárthaigh, A Ó hUidhir (Capt), P Ó hAileasa, A Ó Céilleachair, T Ó Duinnín, E Ó Scanaill, M Ó Conchuir, C Ó Loingsigh, G Mac Suibhne, Se Ó Cuill, B Ó Conchúir

                                                                                                                           Cead leath:   Níor bhuaigh an fhoireann shinsearach cluiche craobh leis na blianta. Is foireann an-maith é seo le himritheoirí a bhuaigh leis na cumann go raibh baint acu leo. Cheap alán daoine go mbeadh an bua again. An taon rud in ár slí ná is foireann ana óg. Ní ach daoine amhan ó mblian a sé ag thosnú agus beirt ó an trú blian. Bhí baill na foirne a bhí in ar gcoinne ana mór agus bhí an chuid is mó diobh ocht nú naoi blian a deag d’aois ach ní raibh aon chumas peil acu is iomanaíochta a imrionn said ó thuaigh i Baile Mhistealaigh de gnath. Níor imriomar go maith sa cead leath agus bhí an t-ádh linn go raibhamar comh congrach leo. Do chuaigh Sean ó Cuill go lár na páirce agus chuaigh Aonghus Ó Céilleachar in a áit ansin do chuaigh Liam Ó Ceocháin in ait Breandáin Uí Conchuir imríonn Liam I measc na gcosanteoirí an chuid is mó den am agus tuisfer é sin ón sli a imríonn sé. Níor imirigh sé go maith agus tháinigh Deaglan ó Mocháin a áit sa dara leath.

Dara leath: Díreach ó caitheamh isteach na caide thóg imreoir lár páirce Baile Mistéala an liathróid ina lámha agus d’aimsigh sé cúl. Bhí tri chinn de chúilín idir an foirne ansin. Daitriodh Máirtin Ó Chonchúr go lán tosach agus cuireadh Seán Ó Cuill go lár na páirce. Thosnaigh na leath culaithe agus na fir lár pairce ar lithróidí a chur díreach isteach i  dtreo Mháirtin Uí Chonchúir. Fuair Máirtín Ó Chonchúr cúl iontach ó cic tapaigh. Bhí cluiche iontach ag na cosantoirí  go háirithe Seán MacCárthaigh, Pádraigh o hAilíosa agus Seán Ó Céilleachair. Sna  tosnaithe  bhí Eoghan Ó Scanaill, Gearoid MacSuibhne agus Mairtín O Choncúr ag imirt thar bárr. Bhí Tadhg Ó Duinnin i gceannas  i lár na pairce. Nuair a fuair Mairtin Ó Choncúr an dara cúl ní raibh aon rud chun stop a chuir leis an gcoláiste. Cuir Seán Ó Cuill dhá cicsaor  thar an trasnán  agus bhí na foirne ar comh scor. Chuir Deaglán Ó Mocháin leis an scor le cuilin agus bheadh “Peter the Great” bródúil as. Fuair an “Bhaile” dhá cuilín ach bhí sé ró dhéanach doibh, séideadh an fhead fhada. Bhí an céad bua sa chomórtas le trí bliana againn. Cluiche dian a bhí ann. Bhi an cluiche iontach ag an réiteoir, a bhí cothrom don da thaobh. An scoir deirneach ná 3-11 go 2-12. 

Luthchleasaíocht  [Teárma na Nollag] [barr]

Ghlach duine is fiche ó Colasite Ghobnatan páirt i gComórtaisí Rásaíocht Trasna Tíre i Máigh Cromtha ar an gcéad lá do Dheire Fómhair 2003. Bhí na comórtaisí seo eagraithe do luthchleasaithe faoi trí bhliain deág agus cuig bhliain déag d'aois - buachaillí agus cailiní i mbliain a hAon agus a Dó i gcoláistí an cheantair.  
Bhí mic léinn ós na trí Meán scoileanna i Maigh Cromtha mar aon le mic léinn ó Scoil Mhuire i mBéal Átha nGhaothaigh i n-iomaíocht lenár mic léinn agus thóg iarrathóirí ós na Coláistí uilig roinnt boinn leo. Ba iad Michelle Ní Riordán agus Gobnait Ní Loinsigh ins an Céad Bhlian i gColaiste Ghobnatan a thug duaiseanna leo i gcomórtaisí na gcailiní agus tá árd mholadh ag dul dóibh as ucht a ngaisce. Tá árd mholadh leis ag dul go Chlíodhna Ní Laoghaire a rith rás den scoth ach nach raibh an t-ádh leí. B'é an trua é nár ghlach ach truir ban páirt. B'fhédiir go mbeadh misneach ag níos mó an bhliain seo chugainn.
In aineoinn is gur ghlach oachtar déag dos na buachaillí páirt níor thugamar ach bonn amháin linn. Dob é  Pat Ó Suilleabháin i mbliain a Dó, a tháinig i leith thar teorainn, a thaispeáin do mhuintir Chorcaí conas rith. Mar sin féin tréasluimíd leo  san ar fad, a raibh sé de mhisneach acu rith.
Bhí cupla uair a chloig maith spóirt againn. Bhí iompar na n-iarrathóirí ar fheabhas agus tá moladh tuillte ag gach éinne. 

Bóláil [Teárma na Nollag] [barr]

Chuaigh ceithre foireann boláil ón scoil go Dunmanmhaí le haghaidh Comórtas in aghaidh scoileanna na Contae. D’éirigh go hiontach leo, thainig na dhá foirinne sinsir sa céad agus sa dara háit. Tháinig na cailíní sa dara áit. 

   

I Foireann Sinsir A bhí:

1

1.   Colm Ó Ceallacháín

2.   Daithí Ó Duinníin

3.   Mairtín Ó Conchúir

 

 

 

 

I foireann sinsir B bhí:

1.   Diarmuid Ó Luasa

2.   Donncha Ó Duinnín  

3.   Diarmuid Ó Riordáin  

 

 

 

I foireann na gcailini bhí:

 

1.   Clíodhna Ní Laoghaire

2.   Joanne Ní Críodáin

3.   Ciara Ní Liatháin

 

 

 

Oíche Chéimnithe   [Teárma na Nollag] [barr]

Thosnaigh oíche na céime ag a hocht a chlog oíche De Chéadaoin. Ar dtus bhí cruinniú ag na daltaí sa tionóil. Thógamar pictúirí le haghaidh an nuchtán agus ansin thógamar cinn eile leis na teastaisí. 
Ansin chuamar go léir isteach go seomra a dó-dheág. Ar dtús chuir an priomhide fáilte roimh gach éinne. Ina dhiadh sin, bhí cúig chainteóirí ag caint faoi gach cuid den idirbhliain.
Bhí an Máistir Ó Scanaill ag chaint ar shon na muinteoirí agus bhí sé ag déanamh achoimre ar an bliain
go léir. Bhí tuismitheoir ag labhairt ar shon na tuismitheoirí eile agus ansin bhí  beirt daltaí na h-idirbhliana ag chaint faoi na rudaí is mó a thaitin leo i rith an bhliain.
Leath slí tríd an oíche bhí chainteoir ó Údarás na Ghaeltachta ag labhairt faoin obair a bhíonn a siul aige, san saol gnó. 
I ndeireadh na hoíche gabhamar buíochas le ghach éinne agus bhí bronnadh na Teastaisí. I measc na Teastaisi, bhi ceithre cinn on City & Guids, ECDL, Teastas ar féin mhuinnín, garcabhair, Scannán, Cúrsa Traenáil peile, Cappanalea, Cúrsa ar slainteachas bia agus an cheann deirneach le haghaidh Seoltóireacht, leibheál 2. Bhí 12 Teastas ann go h-iomlán.
An rud is mó a tháinig as an oíche na gurbh bhfiú an idirbhliain a dhéanamh.

 

Trathnóna le Lyric FM [Teárma na Nollag] [barr]

An chéad lá is fichid de mhí Dheireadh Fomhair tháinig beirt ionadaí ó Lyric FM atá lonnaithe i cathair Luimní go dtí an Ionad Cultúrtha chun múineadh don Idirbhliain faoin radió agus conas clár a craoladh.
Tar éis do Liz agus Gerry iad féin a chur in iúil dúinn ( is duine cur i láthair í Liz agus is ceolteoir é Gerry ) bhíomar réidh chun tosnú. Ar dtús d'éisíomar le  píósaí ceoil , fograí , "jingles" agus "promos" éagsúil. Bhí na píosaí ceoil suimiúil agus thaitin siad go léir liom go h-áirithe an phíósa Miniskirt a chum Juan Garcia Esquivel agus a seinn an Kronos Quartet agus a chairde.
Thugadar bileog eolais dúinn mar gheall ar an stáisiúin féin agus a bhí lán le h-eolas mar gheall ar na rudaí a bhí le déanamh againn cosúil le clár radió a dhéanamh. Anois bhíómar réidh chun obair!
Roinneadh suas sinn i trí ghrupaí . Bhí Rósmáire , Liam agus Cristín i mo ghrúpa agus bhí orainn clár radio a eagrú agus a thaifeadadh . Bhí ceithre phost le líonadh sa ghrúpa - beirt chun an clár a cur i láthair , léirtheoir agus oibreoir teicniúíl. Bhí mise mar an oibreoir teicniúil.
Sé a bhí ag teastáil ó mo jab ná chun deileáil leis an gceoil, na fógraí ,na "jingles" agus na "promos" don clár radió ag úsáid an "deck" oibriú . Ar dtús b'éigean dom shortáil amach leis an ghrúpa órd an gclár. 
Bhíomar an dara ghrúpa chun an clár a thaifeadadh agus an t-ainm a bhí ar ár gclár ná "Go Away Home!". Bhí Cristín agus Rósmháíre ag cur an chlár i láthair agus caithfidh mé a rá go rabhadar an-greannmhar ar fad . Bhí Liam mar an léirtheoir agus dhein sé jab an mhaith.Thaitin an dúshlán a bhí agam chun an chuid teicniúil don chlár a eagrú go mór liom.
Ag deireadh an tréimhse chur siad na cláracha a bhí thaifeadadh againn ar siul arís agus bhíomar go léir an bhroidiuil as an obair a rinneamar . Bhain mé an-taitneamh as an trathnóna agus ba mhaith liom rud éigin mar sin a thriail arís uair éigin.

 

Suirbhé na h-Óige [Teárma na Nollag] [barr]

Le denaí tá an idirbhliain ag obair in éineacht le daoine san Ionad Áise i Réidh na nDóirí chun suirbhé na h-óige a dhéanamh. Táimid tar éis dul ann dhá uair anois. Ar an gcéad turas bhíomar ag smaoineamh ar cheisteanna a bheadh oiriunach don suirbhe. Scríobhamar síos smaointí a bhí againn faoi theideal éagsula. Ansin rineamar achoimre ar na smaointí seo.
Chuamar ann lá eile arís. Bhíodar tar éis ceisteanna a cheapadh os na smaointe a bhí againn. Chuireamar níos mo leis na ceisteanna seo agus phiocamar amach ceisteanna oiriunacha ó suirbheanna eile.  Tá suil againn go rachaimid ar ais arís go luath. Beimíd ag déanamh amach suirbhé garbh a chuirimíd amach chuig an scoil seo amhaín. Ansin le cunamh Dé beimíd réidh chun an suirbhé a chur amach go forleathan do dhaoine óg i gceantar Mhuscraí. 

  

Rince le Feargus  [Teárma na Nollag] [barr]

                                                                          Le cúpla seachtain anuas tá an Idirbhliain ag tógaint ranganna rinnce de chorp oideachas le fear darbh ainm  Fergus Ó Concubhair .

    Is as an Roinn I gContae Phort Láirge do Fergus agus múineann sé rince nua-aimseartha dúinn . Tá sár iarracht á dhéanamh ag gach éinne sa rang h-áiraithe na buachaillí ! agus diadh ar ndiadh tá feabhas ag teacht orainn .

  Baineadh geit uafásach asainn cúpla seachtain ó shin nuair a dúirt Bríd Cranitch duinn roimh an rang go raibh Nuacht TG4 ag feitheamh duinn sa halla chun sinn a thaifeadadh ! Bhíomar nadúrtha ar an gcamera agus craoladh exposé dúinn ar Nuacht TG4 ar an Luain an 3ú Samhain.

 

Duais Stiana [Teárma na Nollag] [barr]

An chéad áit sa tír sa Liniocht sa Teastas Sóisearach!

Tá áthas an domhain orm gur bhuaigh mé an bonn agus an teastas seo.  Ní raibh me ag súil leis in aon chor.  Tugann sé an-spreagadh dom.  Caithfidh me buíochas a ghábháil leis an Máistir Ó Clumháin don chabhair a thug sé dom.

Stiana Ó Céilleachair


 

Cork Pops Orchestra  [Teárma na Nollag]  [barr]

Chuaigh an idirbhlian go dtí ''City Hall'' ar an 15 lá Samhain chun an 'Cork Pops Orchestra' a fheiscint. Turas ana shuimiul agus siamsiul a bhí ann. Ceoilchoirm a bhí eagraithe i gcomhar daltaí amhain. Nuair a shroicheamar an ait bhí na hainmacha do gach scoil ar na suíochan, fuaireamar ar suíochan agus thosnaigh an ceoilchoirm.Ar dtús thaispean an stiúrthóir na huirlishí go leir dúinn agus thosnaigh síad ag seint.Sheinn síad ceoil claisacach,ceoil ón Opera (Grand march from Aida), ceoil ón Ballet (Swan lake) agus alán poicí eile. Tháinig Fiona Kelly amach ag sheint fheadóg mhór. Bhí sí go hiontach. Níor chuala mé einne ag sheint an fheadóg mhór comh haoibhínn riamh agus i mo thuairim sheas sí amach ón slúa.Roimh dul ann cheap mé go mbeadh an ceoilchoirm ana leadránach ach bhí an ceoil lán le sproid agus mothuchain, bhí an rud go leir thar bhárr. Gan amhras radhaidh mé ann arís.