Is tú ancuairteoir
go dtí an suíomh seo
[
Áiritheoir, buíochas do  Web Counter]

English version

 

 

 

 


Aidhmeanna > Curaclam > Stair na Scoile  > Cumann na dTuismitheoirí > Ionad Cultúrtha > An Leabharlann


Aidhmeanna [barr]

  • Óganaigh a mhúnlú go mbeidh sé ar a gcumas maireachtaint i agus a bheith tairfeach don bpobal lena mbaineann said.

  • Daltaí a spreagadh diriú ar bhuaic a gcumas a bhaint amach i ngach gnéith dá saol – spriodálta, mórálta agus intleachtiúl.

  • Timpeallacht a chur ar fail ina gcaomhnaítear agus ina gcothaítear gach dalta go cothrom chun go bhfásfadh sé go pearsanta, go hintleachtúil agus go mórálta.

  • Atmasféar na criochnúlachta i bhfoghlaim a chruthú ag mealladh na ndaltaí an bárr a bheith leo.

  • Béim a chur ar chomh hoscailte is atá deiseanna ar fail do gach éinnne agus solúbacht a thairiscint mar fhreagra ar shaol atá ag athrú de shíor.

  • Comhmheas dá chéile a spreagadh idir daoine.

 

Stair na Scoile go hachomair  [barr]

Tháinig Gairmscoil Ghobnatan, mar a thugtaí air tráth, ar an saol i 1950.  Scoil aon seomra, le múinteoir amháin lánaimseartha, a bhí inti i dtosach. Tá an scoil seo taréis fás agus forbairt anuas trí na blianta agus is coláiste nua aimseartha den chéad scoth atá inti inniu.  Cónascadh idir Coláiste Íosagáin agus Scoil Ghobnatan i 1989 a thug Coláiste Ghobnatan dúinn. Ag an am sin cuireadh leis an bhfoirgneamh agus i 1996 tógadh dhá sheomra breise, seomra liníochta agus seomra oiriúnach chun teangacha a mhuineadh ann.

Cumann na dTuismitheoirí  [barr]

Bunaíodh Cumann na dTuismitheoirí, mar atá sé faoi láthair sa scoil bhliain 1999-2000.  Dhá bhall déag atá inti agus freastalaíonn Breándán Uas. Ó Lionáird, Príomhoide na scoile, ar na cruinnithe.  Tá éacht mhór déanta chun airgead a bhailiú le haghaidh bus scoile a shólathair agus táthar i mbun a cheannaithe faoi láthair.  

Bhí alán gnóanna áitiúla fial flaitiúil le ciste na scoil atá ag tarraingtí ar £10,000 faoi láthair.  Ba chúis lúcháire don chomhairle an tacaíocht a fuarathas ó na daltaí, ó na tuismitheoirí agus ó na muinteoirí ag baint amach an sprioc seo.  Trí chluichí cartaí, tráth na gceist, bazzar, cistí a dhíol, oíche garradóireachta agus malaí siopadóireachta a líonadh i Stóras Uí Dhuinn Cill Áirne a bhailíodh an t-airged.  Dár ndoigh leanfar ar aghaidh leis na hiarrachtaí seo ag bailiú ar son na ndaltai san am atá romhainn amach. 

Ionad Cultúrtha [barr]

Tá cáil ar Mhúscraí, agus Baile Mhúirne/Cúil Aodha go háirithe, de bhárr saibhris chultúrtha na háite. Sa bhlian 1980 tógadh Ionad Cultúrtha le hais an Chólaiste chun treisiú leis na saintréithe seo. Bíonn léiriúcháin illghnéitheacha ar súil san Ionad a thugann caoi don bpobal an saol ealaíonta, idir nua agus sean, a bhlaiseadh agus, tré freastail ar ranganna, bíonn deis ag ár ndaltaí a bheith gníomhach i leanúnachas ár gcultúr don todhchaí.

 

An Leabharlann [barr]

Tá sé de áth orainn go bhfuil Leabharlann Phoiblí lonnaith sa Choláiste. Tugann an Leabharlann seirbhís do na daltaí agus don phobal i gcoitinn chomh maith.  Tá raon fairsing de leabhair ar fáil i leabharlann an Choláiste. 

Tugann sin an seans do mhúinteoirí agus daltaí, araon, teacht ar éagsúlacht leabhar nách mbeadh le fail cómh caothúil san aon tslí eile.  Tá cáil ar scriobhnóirí agus fillí na duchaí seo le fada an lá agus is cuí agus is tairfeach go bhfuil árdan anois acu ina leabharlann áitiúil.

Bíonn an Leabharlann ar oscailt:

Dé Luain

1:30 – 4:00

Dé Ceadaoin

5:30 – 8:00

Deardaoin

5:30 – 8:00