|
|
||||
|
|
||||
|
Diospóireacht > Ceol > Ealaíon > Amhránaiocht > Slogadh Polasaí
de chuid na scoile é tacaíocht rialta a thabhairt do Chomórtaisí
Diospóireachta Gael Linn. De
ghnáth bíonn foireann sinsireach agus foireann soisearach san iomaíocht.
Uair amháin, ó baisteadh an Coláiste a éirigh le foireann dul
chomh fada le Craobh na hÉireann.
Uair amháin leis a éirigh le foireann dul chomh fada le Craobh
na hÉireann sa Chomórtas Scoileanna Gaeltachta a bhíodh a eagrú ag
Muintearas. Seo an tarna bhliain ag an bhfoireann sóisearach ag treabhadh an ghoirt. D’eirigh go maith leo anuraidh. Is iad Pól Ó Ceocháin (Capt.), Ciara Ní Cheallacháin agus Nicola Ní Chríodáin atá ar an bhfoireann seo. Nia is ea Pól le Liam Mac a’Mhaoir, a bhain amach Craobh na hÉireann sa chomórtas céanna ar fhoireann de Choláiste Iosagáin. Foireann nua as an maide atá ag seasamh an fhóid do na sinsir. Is iad Lucy Nic Cárthaigh (Capt.), Eibhlín Ní Chlumháin agus Maitias Ó Luasaigh.
Bíonn ranganna ealaíona sa scoil dhá thráthnóna in aghaidh na seachtaine. Tá ranganna ann do dhaltaí bliain a haon agus bliain a dó maraon le ranganna a ullmhaíonn daltai don Teastais Soisearach agus don Ardteistiméireacht. Ranganna Deineann lucht an Teastais Sóisearaigh staidéar ar Ealaíon, Céird agus Gréaschoiriú. Cludaíonn daltaí na hÁrdteistiméireachta na hábhair chéanna agus stair na hEalaíona ina dteannta. Tá ranganna amhránaíochta á rith leis ag cothú agus ag forbairt sean traidisiúin na h-áite. Tá cultúr na Gaeltachta tábhachtach agus tá dualgas orainn go léir í a chaomhnú. Is cuid dár n-oidreacht í agus aithníonn foireann agus bainistíocht an Choláiste go bhfuil freagras orthu gníomhú. Anuraidh don chead bhliain le tamall ghlac iomaitheoirí ón scoil páirt in imeachtaí de chuid Slógadh. Páirteach sna comortasaí ardáin bhi Lucy Nic Cárthaigh agus Siobhán Ní Mhurchú le hAgallamh Beirte. Ghlac Maitias Ó Luasaigh pairt sa chomórtas scéalaiochta. Fuaireadar go leir ainmniúchán go Craobh Deasmhumhan, ait go bhfuair Lucy agus Siobhán an Chéad duais ina roinn féin. I roinn na hÁrdteistimeireachta fuair Maighréad Ní Laoire an chéad duais don Chlár Radio a d’ullmhaigh sí don chomórtas san i gCraobh Fheile Deasmhumhan. Traoslaimid leo ar fad. Agallamh Beirte Ábhar an agallaimh i gcúrsaí faisin …. buachaillí …. fadhbanna meachana …. buachaillí …. an disco …. buachaillí …. tuismitheoirí …. buachaillí …. bábóga …. buachaillí …. Dónal Ó Liathaín a scríobh an t-agallamh. Bhuaigh Lucy agus Siobhán an chéad duais ina roinn féin ag Slogadh Deasmhumhan. Dá réir tugadh cuireadh dóibh taispeántas speisialta den agallamh a dhéanamh don bhFéile Náisiúnta Drámaíochta i gCúil Aodha. Donnchadh Ó Luasaigh a léirigh.
|