|
|
||||
|
|
||||
|
Ríomhairí > Garchabhair > Gaeilge Ranganna Riomhaireachta [barr] I mbliana bhí árd éileamh ar ranganna ríomhaireachta i gColáiste Ghobnatan. Tá thart ar chéad ag freastal ar na ranganna seo. Tá dhá rang ann do thosnaitheoirí agus dhá rang ag ullmhú chun an cháilíocht, Ceadúnas Tiomána don Riomhaire Eorpach, a bhaint amach. Tá cuigear is fiche ag freastail ar an gcúrsa seo. Tá roinnt mhaith díobh seo ag déanamh an chúrsa ar mhaithe leis na comhluchtaí lena mbaineann siad. Tá suas le fiche uair a chloig i gceist idir teagasc, cleachtadh practiciúil agus scrúdú. Tá leabhráin a chur ar fáil agus tá sé i gceist teastas a bhronadh orthu san a bhainfidh caighdeán cuí amach i ndeire an chúrsa. Sampla maith an cúrsa seo den bpobal agus tionsclóirí na h-áite ag usáid áiseanna an Choláiste. Oireann sé do bhainistíocht an choláiste agus tá sé mar aidhm go mbeadh an coláiste ag freastail ar mhuintir na h-aite ins ins gach slí ar féidir é sin a dhéanamh. Nach ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Údarás na Gaeltachta - Ranganna agus Ceardlainn Gaeilge 2000 Don dara bliain as a chéile tá sraith ranganna agus ceardlainn Gaeilge a reachtaíl ag Seirbhísí Teanga Mhúscraí. Is cómhphairtíocht é Seirbhísí Teanga Mhúscraí idir UCC, Colaiste Ghobnatan, Udarás na Gaeltachta, Meitheal Mhúscraí agus Scoil Mhuire Béal Átha an Ghaorthaidh. Bhí na ranganna seo leanas ar siúl:
Bíonn costas thart ar £20 an téarma ar na ranganna a ritear le cúnamh airgid ó Údarás an Gaeltachta Is féidir breis eolais d'fháil ach glaoch ar 026 - 45366. Seirbhísí Cúram Leanaí - Naíonraí, creche, seirbhísí taréis scoile agus Clubanna Óige. Má tá eolas nú comhairle ag teastáil uait i dtaobh na neithe thuas luaite, cuir glaoch ar Udarás na Gaeltachta ag 026 - 45366
|