Is tú ancuairteoir go dtí an suíomh seo
[
Áiritheoir, buíochas do  Web Counter]

English version
nuashonraithe go deireannach ar 9/1/04


Tá Coláiste Ghobnatan lonnaithe i mBaile Bhúirne ar an dtaobh thuaidh de Ghaeltacht Mhúscraí, 9 míle ó Mhaghchromtha agus 19 míle ó Chill Airne. Is in ómós do Ghobnait, Naomh phatrúin Bhaile Mhúirne, a thagann ainm an Choláiste agus go deimhin cuirimíd ár gcuid oibre ar fad fén a coimirce siúd. 
Ta cúrsa léinn fhairsing á sholathar ag Coláiste Ghobnatan chun freastail ar éagsúlacht leathan ár ndaltaí agus deintear gach iarracht cabhrú leo go léir ina dtóir ar a rogha slí bheatha.Tá 19 ábhair ar thairiscint ar fad ag an gColáiste agus tá an córas ríomhaireachta is nua aimsire insealbhaithe again.
Mar is leir ó mhana an Chólaiste  GO BUAIC DO CHUMAIS éilítear árd chaighdéan oibre ó ghach dalta de réir mar is féidir leis.  Mar thaca le sin tá seirbhís treorach den scóth ag feidhmiú agus múinteoireacht feabhais dóibh siúd le deacaireachtaí foghlama. Ag claoí le fealsúnacht na sean MENS SANA IN CORPORE SANO cuireann Coláiste Ghobnatan ana bhéim ar sport.  De thoradh sin, ní h-anamh dár bhfóirne peile agus spoirt eile an smear mullaigh a ghabháil agus dár n-íardhaltaí a bheith ar fhóirne sínsearacha an Chontae.
Dar ndoigh táimíd an-bhródúil as acmhainní uile an Choláiste, as foireann an Choláiste, as ár ndaltaí agus as na solathairtí uile atá againn, ar mhaithe lenár lucht foghlama.  Gan amhras, taimíd de shior ar thóir feabhas a chur ar ár ngnó i ngach slí chun  go mbeidh ár gColáiste chun tosaigh i gconaí sa saol léinn.